Cáineann Comhlacht NA um Chearta an Duine Bail an tSoláthair Meabhairshláinte do Leanaí

Cáineann Comhlacht NA um Chearta an Duine Bail an tSoláthair Meabhairshláinte do Leanaí

Moltaí an Choimisiúin ina gCuid Shuntasach de Thuarascáil

Fáiltíonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) roimh na Breathnuithe Deiridh a d’fhoilsigh Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh inniu.

Tháinig an Coiste ar a gconclúidí i ndiaidh próiseas ina raibh ionchur ó leanaí, an tsochaí shibhialta, Oifig an Ombudsman do Leanaí agus an Coimisiún. Tugadh chun críche é le cruinniú poiblí dhá lá a tionóladh sa Ghinéiv an 24–25 Eanáir, tráth ar ceistíodh ionadaithe an Stáit faoi stiúir an Aire Roderic O’Gorman maidir le bail chearta an linbh in Éirinn.

Ina mBreathnuithe Deiridh, thug an Coiste dá n-aire na réimsí ina ndearna an Stát dul chun cinn ón athbhreithniú deiridh a rinneadh in 2016, ina measc tosach feidhme an Achta um Thús Áite do Leanaí agus an Achta um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, i dteannta ghlacadh na Straitéise Náisiúnta maidir le Cuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach, 2017–2021, an Tríú Straitéis Náisiúnta maidir le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe, agus na Straitéise um Cheartais i leith an Aosa Óig 2021–2027. D’fháiltigh siad freisin roimh dhaingniú an Choinbhinsiúin ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas in 2018.

Ach leanann an tuarascáil ag leagan amach na bpríomhréimsí ina dteastaíonn gníomh práinneach ón Stát chun cearta an linbh a chosaint, ina measc meabhairshláinte, foréigean, neamh-idirdhealú, caighdeán maireachtála, oideachas agus ceartas linbh. Áirítear leis na Príomh-Bhreathnuithe Deiridh moltaí:

  • Maidir le Sláinte agus Leas: go ndéanann an Stát méadú suntasach ar na hacmhainní le haghaidh seirbhísí meabhairshláinte, go gcinntítear iarchúram leanaí faoi chóir leighis, agus go gcuirtear cosc follasach ar leanaí ag a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte a chur in aonaid síciatrachta do dhaoine fásta.
  • Maidir le Bailiú Sonraí: go dtugann an Stát dóthain acmhainní do na ranna rialtais ar fad chun an Straitéis Náisiúnta Comhionannais atá le teacht a chur i bhfeidhm, agus go bhfoilsítear sonraí comhionannais ar leanaí i bhformáidí inrochtana agus aoisoiriúnacha.
  • Maidir le Neamh-idirdhealú: go gcuirtear dlús leis an athbhreithniú ar na hAchtanna um Chomhionannas agus go gcuirtear i bhfeidhm é chun cearta an linbh a chosaint, agus go leithdháiltear dóthain acmhainní le haghaidh sheoladh an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais. Thug an Coiste dá aire a imní faoin idirdhealú leanúnach in aghaidh leanaí i ngrúpaí mionlaigh.
  • Maidir le Foréigean in aghaidh Leanaí: go leasaítear an Tríú Straitéis Náisiúnta maidir le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe chun a chinntiú go bhfuil soláthar cóiríochta do dhídeanaithe ag teacht le caighdeáin Chomhairle na hEorpa. Moltar freisin go ndéantar an Tríú Straitéis Náisiúnta sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ag cur ar a gcumas do leanaí iarratas a dhéanamh ar orduithe cosanta agus sábháilteachta as a gceart féin agus ag cinntiú tacaíocht ilearnála atá oiriúnach do leanaí d’íospartaigh foréigin ar leanaí iad.
  • Maidir le Míchumas: go nglacann an Stát cur chuige bunaithe ar chearta an duine i leith na reachtaíochta míchumais, go leasaítear an nós imeachta oibriúcháin caighdeánach le haghaidh Measúnuithe ar Riachtanais, agus go dtugtar dóthain acmhainní chun an tAcht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a chur i bhfeidhm.
  • Maidir le Leanaí ar Iarrthóirí Tearmainn, Dídeanaithe agus Imircigh iad: go gcinntíonn an Stát i gcás na leanaí ar fad ar iarrthóirí tearmainn iad, leanaí faoi mhíchumas ina measc, go bhfuil fáil phras acu ar thithíocht, oideachas, seirbhísí sláinte, coimirce shóisialach, tacaíocht comhtháthaithe shíceashóisialta agus cóiríocht réasúnta.
  • Maidir le Gáinneáil ar Leanaí: go mbunaíonn an Stá sásra náisiúnta atreoraithe chun íospartaigh na gáinneála ar dhaoine ar leanaí iad a shainaithint agus a atreorú.
  • Maidir le Dualgas na hEarnála Poiblí: go leathnaítear Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine go soláthar rialtais.

Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:

“Cé gur admhaigh an Coiste an dul chun cinn a rinne an Stát le sé bliana anuas, shainaithin siad freisin easnaimh thromchúiseacha a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu go práinneach má tá Éire chun a hoibleagáidí faoin gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh a chomhlíonadh.

Gabhaimid buíochas leis an gCoiste as aird chomh mór sin a thabhairt ar ár n-aighneacht féin. D’iarramar orthu a bheith ina gcara cáinteach d’Éirinn.  Tugann na conclúidí soiléire, mionsonraithe agus beachta sin treoirphlean soiléir do lucht déanta beartas agus reachtóirí chun saol na leanaí in Éirinn a fheabhsú, go háirithe iad siúd a dteastaíonn rochtain uathu ar sheirbhísí riachtanacha meabhairshláinte agus sóisialta, agus iad siúd a bhíonn i mbaol idirdhealú.

Caithfidh an Stát dul chun cinn follasach a dhéanamh anois ar na breathnuithe sin le plean cuimsitheach cur i bhfeidhm, a fhorbrófar le rannpháirtíocht leanaí. De réir ár bhfeidhmeanna reachtúla, táimid ag súil leis an bhfreagra sin a choinneáil faoi athbhreithniú.”

CRÍOCH/