Leagan Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) amach inniu a thosaíochtaí straitéiseacha agus ar a ndíreofar do 2019–2021 agus an dara Ráiteas Straitéise dá chuid á sheoladh.
Leagtar amach sa Ráiteas Straitéise na ceithre thosaíocht straitéiseacha a bheidh an Coimisiún ag iarraidh a bhaint amach as seo go ceann trí bliana:
Tosaíocht Straitéiseach 1 – Cearta na ndaoine aonair a bhfuil na constaicí is mó ina mbealach chun ceartas a bhaint amach a chosaint
Tosaíocht Straitéiseach 2 – Tionchar a imirt ar reachtaíocht, beartas agus cleachtas
Tosaíocht Straitéiseach 3 – Plé leis na príomheagraíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar idirdhealú agus sárú ar chearta an duine
Tosaíocht Straitéiseach 4 – Caighdeán an idirphlé ar cheisteanna chearta an duine agus comhionannais a ardú agus raon an idirphlé sin a fhairsingiú
Tá an Coimisiún tiomanta freisin dá chuid oibre a dhíriú as seo go ceann trí bliana ar dhul chun sna ceithre réimse seo a leanas:
Cuireadh an Ráiteas Straitéise faoi bhráid Thithe an Oireachtais de réir cheanglais an Achta fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. Cuireadh an Straitéis i dtoll a chéile i ndiaidh próisis, a raibh comhairliúchán poiblí mar chuid de agus ionchuir ó eagraíochtaí ilghnéitheacha agus grúpaí sa tsochaí shibhialta a bhíonn ag plé le cearta an duine agus an comhionannas a chur chun cinn nó a chosaint.
Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an Príomh-Choimisinéir Emily Logan nár cheart na maidí a ligean le sruth maidir le cearta bunúsacha:
“Ní thógfá orainn é dá gceapfaimis go bhfuil an tAontas Eorpach – an tionscadal síochána is rathúla riamh – tar éis noirm dhosháraithe a chruthú ar an Mór-roinn. Tá forbairtí le deireanaí, ar chonradh síochána Chomhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste, agus impleachtaí an Bhreatimeachta do chearta mhuintir na Breataine agus Thuaisceart Éireann, thar aon ní eile, ag léiriú nach féidir na maidí a ligean le sruth áfach.
“Tá an dioscúrsa polaitiúil idirnáisiúnta ar chúrsaí caomhnaitheachta ag dul i méid faoi láthair – tá sé tábhachtach go gcuimhneodh Éire ar a tiomantas sheanbhunaithe don idirnáisiúnachas, do chearta an duine agus a chinntiú go dtagann ár gcáil idirnáisiúnta leis an méid a dhéanaimid anseo sa bhaile.”
Chuir an Príomh-Choimisinéir imní faoi leith in iúl maidir le fáil ar chúram sláinte i gcás an Achta Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018.
“Chualamar go bhfuil feidhmiú laistigh de chreat dlí chomh nua seo dúshlánach do chleachtóirí agus do lucht déanta beartas, ach caithfimid a bheith san airdeall go gcosnaítear cearta na n-othar, atá ina reacht anois.
“Mar Choimisiún, tá sainordú againn beartas agus reachtaíocht a athbhreithniú seasta. Beimid i mbun monatóireachta ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta nua, go háirithe maidir le tuairiscí faoi na bacainní ar fhoirceannadh dleathach a fháil. Teastaíonn uaim a rá go soiléir go ngníomhóidh an Coimisiún, i pé cáil atá ar fáil dó, chun tacú le mná agus cailíní a gcearta a chosaint.”
Críoch
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,
01 8589601 / 087 0697095
Lean muid ar twitter @_IHREC
Nóta Eagarthóra
Tá téacs iomlán an Ráitis Straitéise, 2019–2021 ar fáil ar an nasc seo a leanas
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainordú reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas in Éirinn a chosaint agus a chur chun cinn, agus cultúr measa ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a thógáil sa Stát.
Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.