Adam Harris

Is é Adam Harris Bunaitheoir agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin AsIAm, Carthanas Náisiúnta Uathachais na hÉireann. Bhunaigh Adam an eagraíocht bunaithe ar a thaithí féin ag fás aníos ar speictream an uathachais. Cuireann AsIAm tacaíocht ar fáil do mhuintir an uathachais agus dá dteaghlaigh, bíonn sé ag obair ar son an phobail agus oibríonn sé chun tacú le heagraíochtaí san earnáil phoiblí agus phríobháideacha agus le pobail éirí ionchuimsitheach agus inrochtana.

Bronnadh gradam Social Entrepreneurs Ireland ar Adam, agus cuireann sé go minic le plé ar na meáin agus ag comhdhálacha in Éirinn agus thar lear. Chomh maith leis sin, bhí sé ina bhall agus chuir sé comhairle ar go leor coistí comhairleacha agus beartais rialtais ar chearta daoine atá faoi mhíchumas agus ar an ionchuimsitheacht. Is as na Clocha Liatha i gCo. Chill Mhantáin do Adam, agus ceapadh ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas é i mí Iúil 2020.