Betty Purcell

betty-purcellIs saorléiritheoir teilifíse agus comhairleoir meán í Betty Purcell.    Roimhe seo, d'oibrigh Betty mar Léiritheoir Sinseareach Teilifíse in RTÉ agus thar thréimhse 33 bliain, léirigh cláir raidió agus theilifíse ar nós Women Today, Day by Day, Questions and Answers, Divided World, the Late Late Show and Farrell agus The Works. Bhí ina tuairisceoir ag NBC Radio (Meiriceá) ó Nicaragua i 1986 léirigh sárchlár faisnéise faoi Mary Robinson agus Cearta an Duine in 2008.  Tá leabhar scríofa ag Betty ar an gcraoltóireacht dar teideal Inside RTE (New Island, Aibreán 2014) agus ar Nicaragua dar teideal Light After Darkness (Attic Press, 1987). Bhí Betty ina ball bunaigh de Ghluaiseacht na mBan in Éirinn agus de Mhná Aontaithe na hÉireann sna 1970í.