An Dr Lucy Michael

Is socheolaí cleachtach í an Dr Lucy Michael agus sainchomhairleoir ar cheisteanna comhionannais agus imeasctha. Tugtar aghaidh go háirithe ina cuid oibre ar fhoréigean agus idirdhealú ciníoch, taithí íospartach, agus róil na n-institiúidí reachtúla agus na sochaí sibhialta i gcur i gcoinne na coireachta fuatha agus eisiaimh. Is í údar Immigrants as Outsiders in the Two Irelands í (le Bryan Fanning) (MUP, 2019), agus Unsettling Whiteness (le Samantha Schulz) (Brill, 2019).

Tá sí ina Comhalta Coimisiúin freisin ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Thug an Dr Michael faoi thaighde le réimse leathan comhlachtaí san earnáil phoiblí agus phríobháideach, lena n-áirítear an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, Oifig Gnóthaí Baile na Ríochta Aontaithe agus an Líonra Eorpach i gcoinne an Chiníochais. Is comhúdar í le INAR ar chóras tuairiscithe teagmhas ciníoch ar iReport.ie, córas a úsáidtear chun an ciníochas in Éirinn a mhapáil. Tá Céim Baitsiléara sa Dlí Sibhialta aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus MA sa Choireolaíocht agus Modhanna Taighde agus PhD ó Ollscoil Keele. Bhí poist léachtóireachta aici roimhe seo le hOllscoil Uladh agus Ollscoil Hull, agus is iar-Uachtarán í ar an Sociological Association of Ireland.