Mary Murphy

mary-murphyIs Léachtóir í an Dr Mary Murphy le Polaitíocht agus Sochaí na hÉireann in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.  Roimhe seo bhí Mary ina ball, via Ceapachán Aire, den Ghrúpa Náisiúnta Comhairleach um Cháin agus Leas Sóisialach.  Bhí sí ina saineolaí náisiúnta thar ceann na hÉireann ar an Líonra Eorpach de Shaineolaithe ar Inscne agus ar Chuimsiú Sóisialta (EGGSI), ina ball cumainn den Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, agus ina ball de Choiste Comhairleach Taighde Focus Ireland agus den Think Tank for Action on Social Change (TASC). D'oibrigh Mary mar fheachtasóir agus mar anailísí beartas ar feadh 15 bliana i dtaca le frithbhochtanas, ioncam íosta, gníomhachtú an mhargaidh saothair, agus comhionannas inscne. Bhain sí PhD amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus B.A.   (Onóracha) i gColáiste na Tríonóide. Rinne sí Dioplóma Iarchéime sa Staidéar Gnó, san Oiliúint agus san Fhorbairt in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.