Heydi Foster-Breslin

Is í Heydi Foster Breslin an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar An Cosán, an eagraíocht oideachais pobail is mó in Éirinn. Is é misean An Cosán comhionannas sóisialta agus deireadh le bochtanas a bhaint amach trí oideachas aosach pobalbhunaithe, trí thacaíochtaí luathbhlianta a sholáthar agus trí fhorbairt fiontraíochta sóisialta a chumhachtú. Le tríocha bliain anuas, tá An Cosán ag cur bealaí cumhachtaithe ar fáil trí oideachas pobail do na mílte daoine. Le deireanaí, leathnaigh an eagraíocht a raon tionchair go scála náisiúnta trí leas a bhaint an teicneolaíocht chun rochtain fhíorúil a thabhairt ar an raon de chláir foghlama.
Roimhe sin, bhí Heydi ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Misean Cara, gníomhaireacht forbartha Éireannach a oibríonn le cuid den pobail is imeallaithe agus is leochailí i dtíortha i mbéal forbartha. Le buiséad bliantúil €16 mhilliún, oibríonn an ghníomhaireacht chun cearta an duine a bhaint amach trí sholáthar seirbhísí bunúsacha i réimsí an oideachais, na sláinte, slite beatha agus giniúna ioncaim, chomh maith le habhcóideacht, líonrú agus slógadh an phobail.
Bhí Heydi ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Sheirbhís Náisiúnta Lucht Siúil Exchange House Ireland freisin, soláthraí seirbhísí túslíne ildisciplíneach a thairgeann seirbhísí oideachais agus oiliúna, seirbhísí do pháistí agus daoine óga agus tacaíocht teaghlaigh do chuid den Lucht Siúil is imeallaithe in Éirinn.
Is as Guatamala ó dhúchas do Heydi, agus tá an-taithí aici i mórán tíortha ar oibriú ar son comhionannais, chearta an duine agus seirbhísí sóisialta a chur ar fáil do ghrúpaí mionlaigh, lena n-áirítear páistí, mná, dídeanaithe, agus daoine atá easáitithe ina dtír féin agus daoine de na pobail Lucht Siúil, Latino, Mheiriceánacha Afracacha, Sintíoch agus Romach.
I rith an ama a chaith sí i lár chathair Bhostúin, bhí Heydi ina comhbhunaitheoir agus Príomhoide Cúnta ar scoil a thugann aghaidh ar riachtanais oideachais teifeach, páistí Latino agus páistí Afra-Mheiriceánacha. I Meiriceá Láir agus Theas, d’fhorbair sí tionscadail a thug aghaidh ar riachtanais sláinte oibrithe gnéis. Bhí Heydi ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin freisin ar Women United in Action, eagraíocht neamhbhrabúis a thacaíonn le teifigh agus mná agus páistí imirceacha i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá BA san Eacnamaíocht agus Oideachas ag Heydi ó Ollscoil de San Carlos de Guatemala, Máistreacht i mBainistíocht Neamhbhrabúis ó Choláiste Cambridge (Massachusetts) agus Máistreacht i Riarachán Poiblí ó Scoil Rialtais Kennedy in Ollscoil Harvard.
Tá Heydi ina Coimisinéir ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ó 2014. D’athcheap Uachtarán na hÉireann í le haghaidh an dara téarma cúig bliana in 2018.