Mark Kelly
Tá Mark Kelly ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Chomhairle na hÉireann um Chearta an Duine (ICCL). Tá sé ina Cheannaire Feadhnachta ar an Líonra Cearta Eorpach, JUSTICIA, agus ina Chomh-Chathaoirleach ar an Líonra Idirnáisiúnta de Chearta an Duine (INCLO). Is dlíodóir cearta daonna idirnáisiúnta é agus bunaitheoir an ghnólachta neamhspleach sainchomhairleoireachta Human Rights Consultants (HRC). Roimhe seo bhí Mark ina Cheann Aonaid i Rúnaíocht Chomhairle Choiste na hEorpa um Chosc ar Chéastóireacht agus ar Íde atá Cruálach nó Táireach. Bhí Mark ina bhall de bhoird chomhairleacha, lena n-áirítear an Coiste Comhairleach um Amhrastaigh á gCur Faoi Agallamh ag Gardaí, agus Coiste Comhairleach Straitéiseach Cearta Daonna Choimisinéir an Gharda Síochána, 2006. Is céimí de chuid Ollscoil Dundee, Edinburgh, Cambridge agus Columbia é agus bhronn Scoil Ghnó Ollscoil Columbia Teastas i Sármhaitheas sa Ghnó.