Orlagh O’Farrell
Is Comhairleoir Neamhspleách í Orlagh O'Farrell maidir le cúrsaí comhionannais, dlí na fostaíochta, saincheisteanna idirdhealaithe agus rialachas corparáideach. Cuireann Orlagh seirbhísí taighde, oiliúna agus tacaíochta ar fáil d'eagraíochtaí neamhrialtais agus d'eagraíochtaí pobail, deonacha agus neamhbhrabúis. Lena chois sin, is í an Saineolaí thar ceann na hÉireann í ar an Líonra AE de Shaineolaithe Dlí i Réimse an Fhrith-Idirdhealaithe. Is ball í den Ghrúpa Stiúrtha ar an gComhghuaillíocht Comhionannais agus Ceart, agus den Líonra Pobail um Acmhainní Dlí. Tugann sí léachtaí ó am go chéile in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Roimhe seo, bhí Orlagh ina Príomh-Riarthóir san Oifig Bia agus Tréidliachta sa Choimisiún Eorpach. Bhain sí BCL agus LLM amach ón gColáiste Ollscoile, BÁC, agus tá sí ina dlíodóir cáilithe. Tá Orlagh ag críochnú M.Phil i láthair na huaire in Ollscoil South Wales, Cardiff.