An tOllamh Kathleen Lynch

Kathleen Lynch

Chaith an tOllamh Kathleen Lynch a saol oibre ar fad ag cur comhionannas, cearta an duine agus ceartas sóisialta chun cinn trí oideachas agus taighde. Bhí ról lárnach aici i mbunú an Ionaid Léann Comhionannais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) in 1990 agus i Scoil na Córa Sóisialta in 2004/5.  Chomh maith leis sin, stiúir sí forbairt an M.Sc. agus an Dioplóma i Léann an Chomhionannais in UCD in 1990, d’fhorbair sí roinnt cláir For-rochtana i Léann an Chomhionannais i gcomhar le Grúpaí Pobail in imeacht tríocha bliain, agus bhí sí i dtús cadhnaíochta maidir le BCL (Dlí agus Cóir Sóisialta) a fhorbairt le Foireann Teagaisc Dlí UCD in 2013/14.

D’fhóin sí ar an nGrúpa Athbhreithnithe ar an mBunreacht, faoi chathaoirleacht an Dr Whitaker in 1995–1996, agus ar bhoird chomhairleoireachta dhifriúla eile ó shin. Bhí sí ina sainchomhairleoir ar Ard-Stiúrthóireacht an Oideachais agus an Chultúir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ó 2007–2010, agus is í an príomhúdar í de mhór-Thuarascáil na hArd-Stiúrthóireachta maidir le Gender and Education (and Employment) (2009).

Bhí sí ina húdar agus ina comhúdar ar leabhair acadúla éagsúla, agus ar chúpla céad alt ar cheisteanna comhionannais, ar aistríodh cuid mhór díobh go teangacha eile. Baineann a leabhar nua le Care and Capitalism; agus d’fhoilsigh Polity Press, Cambridge í i mí na Nollag 2021.

Bronnadh gradaim éagsúla ar Kathleen as a cuid oibre, lena n-áirítear gradaim taighde ón gCoimisiún Eorpach agus ón gComhairle um Thaighde in Éirinn. Bronnadh Bonn UCD as Athrú Ceannródaíochta uirthi as rochtain ar an ardoideachas a chur chun cinn le haghaidh iontrálaithe neamhthraidisiúnta (2018), agus bhronn an Chomhairle um Thaighde in Éirinn Gradam an Uachtaráin Uí Uigínn as Comhionannas agus Rannpháirtíocht a Chur Chun Cinn uirthi in 2019. Is socheolaí í Kathleen, a rugadh agus a tógadh i gCo. an Chláir; tá sí pósta le John as Doire, agus tá beirt clainne orthu.