An tOllamh Ray Murphy

ray-murphy

Is ollamh é Ray Murphy in Ionad na hÉireann um Chearta an Duine in Ollscoil na Gaillimhe. Chomh maith lena phost in Ionad na hÉireann um Chearta an Duine in OÉ, Gaillimh, is comhalta é freisin d’fhoireann na hInstitiúide Idirnáisiúnta d’Imscrúduithe Coiriúla. Ba é Saineolaí Sinsearach na hÉireann é ar Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, bhí sé ina chomhalta de Choiste Feidhmiúcháin Chomhlachas na nInstitiúidí um Chearta an Duine, agus ina Choimisinéir le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ó 2014–19.  Ba chomhalta agus Leas-Chathaoirleach ar Choiste Feidhmiúcháin Amnesty International (Ireland) é Ray.  Thug sé faoi oiliúint freisin thar ceann Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, No Peace without Justice, Amnesty International, na Náisiún Aontaithe, agus International Institute for Humanitarian Law agus Pearson Peacekeeping Centre (Ceanada).

Bhí Ray in Scoláire ar Cuairt ar an Lárionad le haghaidh an Dlí Idirnáisiúnta, Al-Haq, an Phalaistín in 2014. Bronnadh Comhaltacht Fulbright air in 2006 agus d’oibrigh sé le Human Rights Watch i Nua-Eabhrac mar scoláire cónaithe. Is iar-Chaptaen é le hÓglaigh na hÉireann agus d’fhóin sé le buíon na hÉireann de chuid Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin in 1981/82 agus arís in 1989. Chleacht sé mar abhcóide ar feadh tréimhse ghairid sular ghlac sé post in OÉ, Gaillimh. Bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Ghearáin Chraolacháin ó 1997 go 2000. Tá taithí phraiticiúil aige leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip sa Bhoisnia in 1996 agus 1997. D’oibrigh sé freisin ar shonrúcháin ghearra in iarthar agus deisceart na hAfraice agus sa Mheánoirthear ar son Amnesty International agus an Aontais Eorpaigh.