An Dr Salome Mbugua

Salome Mbugua

Salome Mbugua

Is taighdeoir, gníomhaí ar son comhionannas inscne agus tacadóir do chearta an duine í an Dr Salome Mbugua. Tá sí ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar AkiDwA – Líonra na nImirceach Ban in Éirinn, agus tá taithí os cionn fiche bliain aici ar oibriú le grúpaí faoi ghannionadaíocht, go háirithe mná, páistí agus an t-aos óg, san Eoraip, san Afraic agus go hidirnáisiúnta.

Ó 2015 i leith, tá sí ag tacú le forbairt Wezesha, eagraíocht forbartha faoi stiúir Dhiaspóra na hAfraice a thacaíonn le mná agus páistí a raibh tionchar, nó ar dócha go mbeidh tionchar, ag coimhlintí, foréigean, cogaíocht agus bochtanas orthu, le treoirthionscadail sa Chéinia agus i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Tríd an eagraíocht sin, tá an Dr Mbugua ag obair le muintir Dhiaspóra na hAfraice in Éirinn agus thug sí faoi thaighde le mná as tíortha inar tharla coimhlint armtha a chónaíonn in Éirinn agus Diaspóra na hAfraice in Éirinn chun bonn eolais a chur faoi bheartas agus obair na heagraíochta trí chéile.

Mhúnlaigh a creideamh láidir i gcomhionannas agus ceartas a gairm bheatha, agus d’eascair plé le lucht déanta beartas in Éirinn, san Eoraip agus go hidirnáisiúnta as. Fónann sí ar choistí comhairleacha, grúpaí saineolaithe agus boird éagsúla in Éirinn agus ar leibhéal na hEorpa. Tá an Dr Mbugua ina comh-uachtarán ar Líonra Eorpach na nImirceach Ban, agus suíonn sí ar ghrúpa saineolaithe ar fhoréigean in aghaidh na mban le Brúghrúpa Mhná na hEorpa agus ar ghrúpa saineolaithe an Aontais Eorpaigh ar imirce eacnamaíoch.

I mí Mheán Fómhair 2018, cheap an Tánaiste í mar chathaoirleach ar an meitheal a d’fhorbródh Tríú Plean Gnímh Náisiúnta na hÉireann maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil. Fónann sí freisin mar chathaoirleach bhord tionscadail Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe na Seirbhísí um Cheapacháin Phoiblí. Bhí sí ina hÁnra maidir le daoine de bhunús na hAfraice in 2015 le hOifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine sna Náisiúin Aontaithe agus ina hÁnra Eisenhower maidir le Ceannaireacht na mBan in 2010.

Tá Dochtúireacht ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag an Dr Mbugua inar díríodh a taighde ar mhná a chomhtháthú i gcothú na síochána i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, le cás-staidéar sonrach Goma. Tá céim mháistreachta aici freisin sa Léann Comhionannais ó UCD.