Sunniva Mc Donagh

sunniva-mc-donaghTá Sunniva McDonagh ina hAbhcóide ó 1982 agus ina hAbhcóide Sinsearach ó 2008. Is i réimsí an athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus bunchearta is mó a chleachtann Sunniva. Tá suim ar leith aici i gcearta trialach cothrom agus i gcearta teaghlaigh i gcomhthéacs na hinimirce. Is Idirghabhálaí Creidiúnaithe de chuid an MEDR í.  Tá Sunniva ina ball den Bhinse ar Mheabhairshláinte agus de Choiste  Gairmiúlachta agus Eiticí Chomhairle na nDochtúirí Leighis faoi láthair, agus bhí ina ball den Bhinse Achomhairc do Dhídeanaithe. Bhain Sunniva céim Bhaitsiléara sa Dlí Sibhialta amach ón gColáiste Ollscoile, BÁC, mar a ndearna sí Dioplóma i nDlí na hEorpa. Tá MA san Fhorbairt Mhorálta agus Spioradálta aici ón Ollscoil Oscailte.