Tony Geoghegan

Tony Geoghegan

D’oibrigh Tony i réimse na handúile le tríocha bliain anuas anseo in Éirinn agus sa Bhreatain. Bhí Tony ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Merchants Quay Ireland, Seirbhísí Drugaí agus do Dhaoine Gan Dídean, ar feadh 28 bliain. Bhunaigh na Proinsiasaigh Merchants Quay Irelandin 1989 mar fhreagairt ar na ceisteanna a bhaineann le drochúsáid drugaí agus easpa dídine in Éirinn a bhí ag dul i méid.

D’oibrigh sé i raon módúlachtaí agus suíomhanna cóireála difriúla ó idirghabháil ghéarchéime, lena n-áirítear malartú snáthaidí, go seirbhísí comhairleoireachta lae agus ar aghaidh go pobail theiripeacha chónaithe gan drugaí agus cláir iarchúraim agus athlonnaithe. Is sainchomhairleoir andúile creidiúnaithe agus maoirseoir cliniciúil é agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Addiction Counsellors of Ireland. Is é ionadaí na hÉireann é faoi láthair ar an nGrúpa Saineolaithe ar Bheartais Drugaí agus Cearta an Duine: uirlis féinmheasúnaithe de chuid Ghrúpa Pompidou i gComhairle na hEorpa. Tá Dioplóma sa Staidéar Andúile aige ó Choláiste na Tríonóide agus MA i mBeartas Sóisialta.