Luachanna
Neamh-idirdhealú agus Comhionannas
Táimid tiomanta do thacú leis na daoine a bhfuil na constaicí is mó ina mbealach chun ceartas a bhaint amach mar chuid de chosaint chearta an duine agus comhionannais do chách.
Meas
Tógaimid meas agus iontaoibh trína aithint chomh luachmhar is atá an méid a chuireann gach duine inár n-eagraíocht agus gach duine lena n-oibrímid lenár gcuid oibre chomh maith lena dtionscnaíocht. Agus meas againn ar an iontaoibh atá asainn, tugaimid faoinár gcuid oibre ar na caighdeáin ghairmiúla is airde.
Neamhspleáchas
Is mór againn ár neamhspleáchas agus gníomhaímid, nuair nach féidir le daoine eile é a dhéanamh i gcónaí, chun cearta an duine, comhionannas agus tuiscint idirchultúrtha a chur chun cinn. Gníomhaímid bunaithe ar fhianaise den chaighdeán is airde agus ar chinnteoireacht fhónta.
Cuntasacht
Táimid go hiomlán tiomanta do luachanna na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta don phobal agus don Oireachtas.
Rannpháirteachas
Aithnímid neamhspleáchas pearsanta agus féinchinntiúchán na ndaoine uile a bhfuil cearta acu agus iad siúd ar a bhfuil dualgais. Táimid tiomanta do dhearcthaí daoine eile a chloisteáil agus foghlaim uathu.
Freagrúil
Táimid freagrúil ar dheiseanna chun ár misean a chur chun cinn, agus cinntímid go dtacaíonn ár rialachas, acmhainní agus bealaí oibre leis an gcur chuige sin.
Comhoibríoch
Comhoibrímid ar fud na heagraíochta agus taobh amuigh di ionas go ngníomhóimid go prap agus go héifeachtach.