Cé muid féin

Ráiteas Straitéise 2022–2024Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus um an gcomhionannas.

Comhlacht poiblí neamhspleách muid a thuairiscíonn don Oireachtas, le sainordú a bunaíodh faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. Áirítear san Acht feidhmeanna Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine mar a bhí agus an Údaráis Comhionannais mar a bhí agus breisítear tuilleadh iad.

Is é an cuspóir atá againn cearta an duine agus an comhionannas in Éirinn a chosaint agus a chur chun cinn agus cultúr measa ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha ar fud shochaí na hÉireann a thógáil.

Cinneann 15 chomhalta an Choimisiúin ár gcuid oibre go neamhspleách; cheap ár gCeann Stáit, an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn na comhaltaí in 2014. Léirítear sainghné shochaí na hÉireann go ginearálta i mballraíocht éagsúil an Choimisiúin.

Oibrímid i mbealaí éagsúla chun cearta an duine agus an comhionannas in Éirinn a chosaint agus a chur chun cinn.

Tá réimse leathan i gceist le hobair an Choimisiúin, ó oibriú ar leibhéal beartais chun athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht an dlí, an bheartais agus an chleachtais a bhaineann le cearta an duine agus leis an gcomhionannas sa Stát agus laistigh de chomhlachtaí poiblí go hoibriú le pobail agus leis an tsochaí shibhialta chun monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar fhíorthaithí na ndaoine ar chearta an duine agus ar an gcomhionannas.

Áirítear lenár gcumhachtaí dlíthiúla cúnamh praiticiúil a thabhairt, lena n-áirítear cúnamh dlí chun cabhrú le daoine a gcearta a chosaint agus rannchuidiú le cásanna dlí (amicus curiae) a phléann le comhionannas nó le cearta daonna duine.

Is cuma má bhímid ag tabhairt aghaidh ar imní aonair, i mbun plé leis an rialtas nó le comhlachtaí poiblí ar shaincheisteanna beartais agus cleachtais nó ag méadú feasachta i measc an phobail ar chearta an duine agus ar an gcomhionannas, is é an tasc atá romhainn sochaí chothrom agus chuimsitheach a thógáil a chosnaíonn cearta an duine agus an comhionannas agus a chuireann chun cinn iad.

Is é ár bhfís go mbeadh Éire chuimsitheach againn ina léirítear meas ar chearta an duine agus ar an gcomhionannas, ina gcuirtear chun cinn iad agus ina mbaintear amach iad do gach duine, i ngach áit.