Foilsítear Cuntais ar an gCéad Athbhreithniú Comhionannais ar Chóiríocht don Lucht Siúil de réir Comhairle i Stair an Stáit

Moltar Athrú Córasach in Athbhreithnithe ar Údaráis Áitiúla

D’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) cuntais inniu ar athbhreithnithe comhionannais le haghaidh údaráis áitiúla na hÉireann, a dhírigh ar chóiríocht don Lucht Siúil go sonrach a sholáthar do dhaoine ó Phobal an Lucht Siúil. Foilsítear na cuntais sin inniu i dteannta Thuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin, agus áirítear iontu moltaí sonracha le haghaidh ghníomh na n-údarás áitiúil.

De bharr fianaise láidir ar thearc-chaitheamh seasta ar an mbuiséad cóiríochta don Lucht Siúil go sonrach, chuir an Coimisiún tús leis na hathbhreithnithe comhionannais sin in 2019 chun eolas a bhailiú ó chomhairlí agus tabhairt faoi athbhreithniú córasach ar na ceisteanna a spreagann an tearc-chaitheamh i roinnt ceantair údarás áitiúil agus, dá bhrí sin, go náisiúnta. Idir 2008 agus 2018, as an €168.8 milliún a leithdháileadh ar údaráis áitiúla le haghaidh cóiríocht don Lucht Siúil go sonrach, níor tarraingíodh anuas ach dhá thrian de (€110.6 milliún).

Tá sraith moltaí curtha i dtoll a chéile anois ag an gCoimisiún le haghaidh údaráis áitiúla, agus d’iarr sé ar chomhairlí tuairisciú dó faoi dheireadh mhí Lúnasa 2021, agus na gníomhartha a rinneadh, nó a bheartaítear a dhéanamh, laistigh de thréimhse shonrach a shonrú. Déanfaidh an Coimisiún meas ansin ar an ngníomh breise a theastaíonn, más ann dó.

Tá siad seo a leanas i measc cuid de na príomhcheisteanna uileghabhálacha a thagann chun cinn ó na hathbhreithnithe comhionannais sin:

Tearc-chaitheamh ar tharraingt anuas cistí leithdháilte:

Tá fianaise ann go bhfuil an tearc-chaitheamh á spreagadh ag fadhbanna struchtúrtha sa chaoi a leithdháiltear agus a dtarraingítear anuas an cistiú, agus freisin ag próiseas atá easpach agus mífheiliúnach go minic chun riachtanais tithíochta iarbhír agus amach anseo a shainaithint. Foráiltear sa bhuiséad cóiríochta don Lucht Siúil go sonrach le haghaidh obair athchóirithe ar chóiríocht atá ann cheana féin. D’fhéadfadh go mbainfeadh an caiteachas le hathchóiriú nó feabhas ar láithreáin reatha, seachas aonaid nua chóiríochta a sholáthar. Tarraingíonn comhairlí aird ar dheacrachtaí chun faomhadh caiteachais a fháil agus thuairiscigh siad nárbh ann do thimthriall buiséid ilbhliantúil. Bhí deacrachtaí ann freisin maidir le mionsonraí tionscadal a chomhaontú (dearadh láithreáin agus an cineál cóiríochta), agus comhairliúcháin agus plé le cónaitheoirí a mhaireann i bhfad, agus an próiseas pleanála chomh maith.

Fianaise ar bhailiú eolais easnamhach chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht

Tá fianaise ann go bhfuil difríocht idir próiseas na gcomhairlí chun líon an Lucht Siúil i limistéar údaráis áitiúil ar leith a mheasúnú, agus gur féidir leis an bpróiseas féin a bheith easnamhach ag gabháil eolas cruinn. Go hiondúil, bunaíonn comhairlí na riachtanais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ar iarratais ar thithíocht shóisialta agus ar mheastachán bliantúil ar líon an Lucht Siúil ina gceantar. Ní raibh aon bhealach ag daoine iad féin a aithint mar chuid de phobal an Lucht Siúil ar an bhfoirm iarratais le haghaidh tithíocht shóisialta. Tá impleachtaí ag an easpa aitheantóra eitnigh sin sa tréimhse a scrúdaíodh do shainaithint agus cuimsiú an Lucht Siúil i sruthanna tithíochta áirithe.

Fíor-rogha Cóiríochta an Lucht Siúil a shainaithint:

Níl fíor-rogha cóiríochta an Lucht Siúil (.i. cóiríocht don Lucht Siúil go sonrach le hais tithíocht shóisialta) sách trédhearcach, ná ní léir gur deimhníodh í go neamhspleách le himeacht ama. Tá imní ann go bhfulaingíonn roinnt den Lucht Siúil mar gheall ar easpa cóiríochta don Lucht Siúil go sonrach, nó go bhfuil siad an-mhíshásta leis an bplódú agus na drochdhálaí sláinteachais i gcóiríocht dá leithéid, agus chuige sin go gcreideann siad nach bhfuil an dara rogha acu ach cur isteach ar thithíocht shóisialta.

Sainaithnítear imní shonrach agus chórasach eile in anailís an Choimisiúin ar na hathbhreithnithe comhionannais mionsonraithe freisin:

Maidir le cultúr agus aitheantas

  • Aitheantas d’Eitneacht Lucht Siúil: Tá easpa fianaise ann ar léirthuiscint iomlán do na himpleachtaí praiticiúla a bhíonn ag difríocht chultúrtha nuair atá seirbhísí á soláthar don phobal Lucht Siúil agus nuair atáthar ag plé leo. Mar shampla, tá fianaise ann ar léirthuiscint easnamhach ar an tsuntasacht chultúrtha a bhaineann le húinéireacht capall nuair atá seirbhísí cóiríochta á gcur ar fáil don Lucht Siúil go sonrach.
  • Fánaíocht: Is beag fianaise atá ann ar mheasúnú riachtanas i leith fhánaíocht an Lucht Siúil laistigh agus trí chontaetha nó ar nádúr na fánaíochta sin a bhíonn ar bun faoi láthair.
  • Scéim iasachta carbhán: Ní dhéanann 22 údarás áitiúil aon tagairt don Scéim Iasachta Carbhán, a éascaíonn ceannach carbhán do dhaoine den Lucht Siúil ar mian leo cónaí ar láithreáin stad.

Maidir le soláthar príomhshrutha:

  • Bacainní a bhaineann leis an Lucht Siúil go sonrach chun cóiríocht a fháil: Tarraingítear aird ar an easpa aonad atá sách mór le haghaidh go leor teaghlaigh mhóra sa Lucht Siúil. Má úsáidtear córais iarratais ar líne, d’fhéadfadh eisiamh digiteach a bheith i gceist mar gheall ar an drochrochtain ar an idirlíon agus leibhéil ísle de litearthacht dhigiteach.
  • Easpa anailís cheart ar mheon an Lucht Siúil sa mhargadh cíosa príobháideach: Ní thuairiscíonn aon údarás áitiúil aon chéimeanna sonracha a rinneadh chun taithí an Lucht Siúil ar chóiríocht phríobháideach ar cíos a rianú ná chun ceist shonrach an idirdhealaithe in aghaidh an Lucht Siúil san earnáil sin a shainaithint agus chun freagairt dó.
  • Seirbhísí Easpa Dídine: Tagraíonn go leor údaráis áitiúla do líon na dteaghlach Lucht Siúil ar láithreáin cois bóthair, i suíomhanna plódaithe, nó a bhaineann leas as cóiríocht éigeandála. Is beag anailís atá ar chúiseanna an mhéadaithe sin, taithí faoi leith an Lucht Siúil ar an easpa dídine, nó ar impleachtaí an chultúir agus an aitheantais Lucht Siúil le haghaidh freagairt éifeachtach.
  • Oiliúint foirne: Is beag eolas atá ar fáil faoin oiliúint a chuirtear ar fáil, ná ar na caighdeáin um chomhionannas agus cearta an duine a socraíodh le haghaidh na ról a sainaithníodh mar obair leis an Lucht Siúil agus leo siúd amháin.
  • Daoine den Lucht Siúil faoi Mhíchumas: Ní léir cé mhéad a chuimsítear an Lucht Siúil i straitéisí tithíochta na n-údarás áitiúil le haghaidh daoine atá faoi mhíchumas.
  • ‘Ceanglais dhúchasacha’: Leagann 12 údarás áitiúla ‘ceanglais dhúchasacha’ amach le haghaidh an Lucht Siúil atá ag iarraidh leas a bhaint as tacaíochtaí tithíochta sóisialta agus/nó cóiríocht don Lucht Siúil go sonrach. Shainaithin an Coimisiún gur gá do na húdaráis áitiúla sin an ceanglas sin a athbhreithniú chun a chinntiú nach ann d’idirdhealú i gcomparáid leis na ceanglais a cheanglaítear ar an bpobal i gcoitinne chun leas a bhaint as tithíocht shóisialta.

Cé go bhfáiltíonn an Coimisiún roimh an soláthar buiséid iomlán le haghaidh cóiríocht don Lucht Siúil a tharraing an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta anuas in 2020, éilíonn an Coimisiún ar an Roinn tógáil ar na solúbthachtaí a cuireadh i bhfeidhm maidir le beartas cóiríochta don Lucht Siúil i rith phaindéim COVID-19. Tarraingíonn an Coimisiún aird freisin ar na nósanna imeachta Rialtais nua chun cistí a tharraingt anuas, nósanna a tugadh isteach in 2020 le ciorclán riaracháin. Beidh gá le measúnú a dhéanamh sna blianta amach romhainn ar na nósanna imeachta sin agus an bhfeabhsaíonn siad an ráta tarraingthe anuas le haghaidh cóiríocht don Lucht Siúil go sonrach.

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:

“Tharraing soláthar cóiríochta an Stáit don Lucht Siúil cáineadh forleathan idirnáisiúnta, lena n-áirítear cáineadh na Náisiún Aontaithe, Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus Chomhairle na hEorpa. Le 12 mhí anuas sonraíodh tuairiscí agus fianaise rialta agus imníoch faoi chóiríocht don Lucht Siúil, agus léirigh cásobair dlí an Choimisiúin féin na dálaí uafásacha ina bhfuil go leor teaghlaigh Lucht Siúil ina gcónaí.

“D’iarr an Coimisiún ar na Comhairlí, trí na hathbhreithnithe comhionannais seo, a gcóras chun cóiríocht don Lucht Siúil go sonrach atá oiriúnach dá gcultúr a scrúdú agus a chinntiú go bhfuil sé de réir beartais comhdheiseanna, chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar na bacainní ar tharraingt anuas chistiú an Stáit agus an chaoi a bhféadfaí deireadh a chur leis na bacainní sin.

“Tugann athbhreithnithe comhionannais deis dúinn freagraí sonracha a lorg ar cheisteanna ar nós thearc-chaitheamh na n-údarás áitiúil, ach féadann dlí comhionannais cabhrú le réitigh phraiticiúla a aimsiú freisin. Rinne an Coimisiún moltaí éagsúla, a bhaineann go sonrach le gach athbhreithniú comhionannais ar na Comhairlí féin, faoin gcaoi a bhféadfaí cur chuige bunaithe ar chomhionannas a úsáid chun soláthar seirbhísí a fheabhsú.”

CRÍOCH

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach dul i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC

01 8589601 / 087 0697095

bdawson@ihrec.ie

Lean muid ar twitter @_IHREC

Nótaí do na hEagarthóirí:

Foilsítear cuntais an Choimisiúin ar Athbhreithnithe Comhionannais na nÚdarás Áitiúil ar Sholáthar Cóiríochta don Lucht Siúil go Sonrach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin anseo.

Athbhreithnithe Comhionannais

In Alt 32 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, tugtar cumhachtaí reachtúla don Choimisiún maidir le tabhairt faoi athbhreithnithe comhionannais agus Pleananna Gníomhaíochta Comhionannais a ullmhú. D’fhéadfadh go mbainfeadh athbhreithniú comhionannais nó plean gníomhaíochta comhionannais le comhionannas deiseanna go ginearálta, nó le gné faoi leith d’idirdhealú, laistigh d’eagraíocht nó d’eagraíochtaí (san earnáil phoiblí nó phríobháideach). Iarrtar orthu tabhairt faoi athbhreithnithe comhionannais agus is faoin gCoimisiún fócas na n-athbhreithnithe sin, agus aird ar a réimsí d’obair spriocdhírithe agus a thosaíochtaí straitéiseacha.

I dtéarmaí neamhdhlíthiúla, is bealach iad athbhreithnithe comhionannais d’eagraíocht (údarás áitiúil sa chás seo) chun a cleachtais (soláthar cóiríochta don Lucht Siúil go sonrach anseo) a thagarmharcáil, nó a iniúchadh, le hais a hoibleagáidí faoin dlí comhionannais chun a mheasúnú an bhfuil an eagraíocht, mar sholáthróir seirbhíse, ag comhlíonadh a hoibleagáidí reachtúla chun comhionannas deiseanna, nó easpa idirdhealaithe, a chinntiú.

Bíonn trí roinn in athbhreithniú comhionannais an údaráis áitiúil:

  1. Príomhréimsí spéise – achoimre ar an athbhreithniú comhionannais a rinneadh agus an t-eolas a thug an t-údarás áitiúil;
  2. Ceisteanna a tháinig chun cinn – ina gcuimsítear anailís an Choimisiúin ar an athbhreithniú comhionannais; agus
  3. Moltaí – moltaí an Choimisiúin d’údaráis áitiúla, agus aird ar a bhfreagraí ar leith.

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainordú reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas in Éirinn a chosaint agus a chur chun cinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát.

Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas institiúid náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aithníonn na Náisiúin Aontaithe é sin. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta na hÉireann um chomhionannas freisin, chun críche réimse bearta frith-idirdhealaithe de chuid an Aontais Eorpaigh.

[share-icons]