Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ag leagan amach a Thosaíochtaí Straitéiseacha go 2021

An Coimisiún le díriú ar cheithre théama, lena n-áirítear teacht ar cheartas a chur chun cinn, cearta socheacnamaíocha, ciníochas a shárú, agus cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn
Cuireann an Príomh-Choimisinéir imní in iúl faoi dhúshláin reatha na gceart bunúsach agus maidir le tuairiscí faoi bhacainní ar fhoirceannadh dleathach a fháil.

 Leagan Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) amach inniu a thosaíochtaí straitéiseacha agus ar a ndíreofar do 2019–2021 agus an dara Ráiteas Straitéise dá chuid á sheoladh.

Leagtar amach sa Ráiteas Straitéise na ceithre thosaíocht straitéiseacha a bheidh an Coimisiún ag iarraidh a bhaint amach as seo go ceann trí bliana: 

Tosaíocht Straitéiseach 1 – Cearta na ndaoine aonair a bhfuil na constaicí is mó ina mbealach chun ceartas a bhaint amach a chosaint

Tosaíocht Straitéiseach 2 – Tionchar a imirt ar reachtaíocht, beartas agus cleachtas

Tosaíocht Straitéiseach 3 – Plé leis na príomheagraíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar idirdhealú agus sárú ar chearta an duine

Tosaíocht Straitéiseach 4 – Caighdeán an idirphlé ar cheisteanna chearta an duine agus comhionannais a ardú agus raon an idirphlé sin a fhairsingiú

Tá an Coimisiún tiomanta freisin dá chuid oibre a dhíriú as seo go ceann trí bliana ar dhul chun sna ceithre réimse seo a leanas:

Teacht daoine ar cheartas a chur chun cinn
Dul chun cinn ar chearta socheacnamaíocha i réimsí na tithíochta, na sláinte agus na hoibre cuibhiúla
Ciníochas a shárú agus tuiscint idirchultúrtha a chur chun cinn
Cearta Míchumais

 

Cuireadh an Ráiteas Straitéise faoi bhráid Thithe an Oireachtais de réir cheanglais an Achta fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. Cuireadh an Straitéis i dtoll a chéile i ndiaidh próisis, a raibh comhairliúchán poiblí mar chuid de agus ionchuir ó eagraíochtaí ilghnéitheacha agus grúpaí sa tsochaí shibhialta a bhíonn ag plé le cearta an duine agus an comhionannas a chur chun cinn nó a chosaint.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an Príomh-Choimisinéir Emily Logan nár cheart na maidí a ligean le sruth maidir le cearta bunúsacha:

“Ní thógfá orainn é dá gceapfaimis go bhfuil an tAontas Eorpach – an tionscadal síochána is rathúla riamh – tar éis noirm dhosháraithe a chruthú ar an Mór-roinn.  Tá forbairtí le deireanaí, ar chonradh síochána Chomhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste, agus impleachtaí an Bhreatimeachta do chearta mhuintir na Breataine agus Thuaisceart Éireann, thar aon ní eile, ag léiriú nach féidir na maidí a ligean le sruth áfach.

“Tá an dioscúrsa polaitiúil idirnáisiúnta ar chúrsaí caomhnaitheachta ag dul i méid faoi láthair – tá sé tábhachtach go gcuimhneodh Éire ar a tiomantas sheanbhunaithe don idirnáisiúnachas, do chearta an duine agus a chinntiú go dtagann ár gcáil idirnáisiúnta leis an méid a dhéanaimid anseo sa bhaile.”

Chuir an Príomh-Choimisinéir imní faoi leith in iúl maidir le fáil ar chúram sláinte i gcás an Achta Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018.

“Chualamar go bhfuil feidhmiú laistigh de chreat dlí chomh nua seo dúshlánach do chleachtóirí agus do lucht déanta beartas, ach caithfimid a bheith san airdeall go gcosnaítear cearta na n-othar, atá ina reacht anois.  

“Mar Choimisiún, tá sainordú againn beartas agus reachtaíocht a athbhreithniú seasta.  Beimid i mbun monatóireachta ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta nua, go háirithe maidir le tuairiscí faoi na bacainní ar fhoirceannadh dleathach a fháil. Teastaíonn uaim a rá go soiléir go ngníomhóidh an Coimisiún, i pé cáil atá ar fáil dó, chun tacú le mná agus cailíní a gcearta a chosaint.”

Críoch

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,

01 8589601 / 087 0697095

bdawson@ihrec.ie

Lean muid ar twitter @_IHREC

Nóta Eagarthóra

Tá téacs iomlán an Ráitis Straitéise, 2019–2021 ar fáil ar an nasc seo a leanas

Ráiteas Straitéise 2019–2021

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainordú reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas in Éirinn a chosaint agus a chur chun cinn, agus cultúr measa ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a thógáil sa Stát.

Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.