Freedom of Information Publication Scheme

An Réamhrá

Ullmhaítear Scéim Foilsithe Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Ceapadh an Scéim Foilsithe seo chun faisnéis chothrom le dáta a sholáthar a bhaineann le struchtúr eagraíochta, feidhmeanna, seirbhísí, cinnteoireacht, airgeadas, soláthar agus saoráil faisnéise an Choimisiúin. Tá an Scéim Foilsithe bunaithe ar an ngréasán agus tá naisc ann le hábhar tagartha a nuashonrófar mar a fhoráiltear dó faoin Acht.

Má theastaíonn faisnéis uait nach gcuirtear ar fáil go poiblí faoi láthair mar chuid den Scéim Foilsithe seo, d’fhéadfá cuimhneamh ar Iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh leis an gCoimisiún ach an Fhoirm agus Treoir Iarratais um Shaoráil Faisnéise  dár gcuid a úsáid.

A. Eolas faoi Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Bunú

Bunaíodh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas an 1 Samhain 2014, faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.

Róil, Freagrachtaí agus Feidhmeanna

Leagtar amach in alt 10 (1) den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014  feidhmeanna foriomlána an Choimisiúin, eadhon:

  • Cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn agus a chosaint
  • Cultúr measa ar chearta an duine, comhionannas, agus tuiscint idirchultúrtha sa Stát a spreagadh agus a fhorbairt
  • Tuiscint agus feasacht ar thábhacht chearta an duine agus comhionannais sa Stát
  • Dea-chleachtas a spreagadh i gcaidreamh idirchultúrtha, chun caoinfhulaingt agus glacadh le héagsúlacht a chur chun cinn sa Stát mar aon le meas ar shaoirse agus dínit gach duine
  • Oibriú i dtreo mí-úsáid a bhaint as cearta an duine, idirdhealú agus iompar toirmiscthe a dhíbirt.

Leagtar amach in alt 10 (2) den Acht réimse leathan feidhmeanna agus cumhachtaí sonracha trínar féidir leis an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar shainordú foriomlán.

Agus é ag thabhairt faoina shainordú, ceanglaítear ar an gCoimisiún le halt 10(3) den Acht a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus é ag féachaint le forbairt sochaí mar seo a leanas a spreagadh agus tacú léi:

  • Sochaí ina bhfuil meas ar chearta daonna gach duine, agus ina gcosnaítear iad;
  • Sochaí ina bhfuil meas ar dhínit agus ar luach gach duine;
  • Sochaí ina gcinntítear nach bhfuil srian ar chumas duine a lánacmhainneacht a bhaint amach mar gheall ar chlaontacht, ar idirdhealú, ar fhaillí nó mar gheall ar iompar coiscthe;
  • Sochaí ina bhfuil deis chothrom agus comhionann ag gach duine páirt a ghlacadh i saol geilleagrach, polaitiúil, sóisialta nó cultúrtha an Stáit; agus,
  • Sochaí ina bhfuil cóimheas idir daoine, lena n-áirítear aicmí daoine, bunaithe ar chomhthuiscint ar luach na héagsúlachta laistigh de shocaí agus ar chóimheas ar chearta an duine agus ar an gcomhionannas.

Socruithe Rialachais/Bainistíochta

Sonraítear san Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas go gcuimseofar sa Choimisiún líon nach mó ná 15 chomhalta agus nach lú ná 12 chomhalta, agus go mbeidh Príomh-Choimisinéir an Choimisiúin ar dhuine de na comhaltaí sin.
Ceapadh forálacha an Achta fán gCoimisiún, 2014 chun neamhspleáchas an Choimisiúin ina chuid oibre a chinntiú. Ceapann an Ceann Stáit, an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn comhaltaí an Choimisiúin, i ndiaidh rún in dhá Theach an Oireachtais agus cinneann na comhaltaí beartas agus gníomhaíocht an Choimisiúin go neamhspleách.

Aithníodh neamhspleáchas an Choimisiúin, de réir Phrionsabail Pháras, lena chreidiúnú mar stádas “A” mar Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine leis na Náisiúin Aontaithe.

Reáchtálann an Coimisiún idir sé agus ocht ngnáthchruinniú iomlánacha in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, d’fhéadfaí cruinnithe urghnácha de chuid an Choimisiúin a reáchtáil chun cinntí am-íogaire a thaifead idir na gnáthchruinnithe iomlánacha a beartaíodh.

Tugtar miondealú iomlán ar chomhaltaí agus ar fhreastal an Choimisiúin do na blianta atá thart i dTuarascálacha Bliantúla an Choimisiúin.

Tugtar faoi chinnteoireacht ag leibhéal an Choimisiúin, nuair is féidir, ar bhonn an chomhaontaithe. Má tá éagsúlacht tuairimíochta ann faoi ábhar ar leith, féadfar vóta an tromlaigh a úsáid chun seasamh an Choimisiúin a chinneadh.

Foilsítear miontuairiscí na ngnáthchruinnithe iomlánacha mar chuid den scéim foilsithe seo agus is féidir breathnú orthu thíos:

Dáta an Chruinnithe Teideal Nasc
11 Aibreán 2017 Miontuairiscí an 18ú Gnáthchruinniú Iomlánach Nasc
17 Bealtaine 2017 Miontuairiscí an 19ú Gnáthchruinniú Iomlánach Nasc
28 Meitheamh 2017 Miontuairiscí an 20ú Gnáthchruinniú Iomlánach Nasc

 

Sonraítear san Acht gur cheart go mbeadh Stiúrthóir ar an gCoimisiún, a thabharfaidh faoi riaradh an Choimisiúin agus a bhainisteoidh an riaradh sin, agus a rialóidh é go ginearálta. Tá an Stiúrthóir freagrach don Choimisiún as bainistíochta éifeachtach agus éifeachtúil an Choimisiúin.

Maoinítear an Coimisiún trí Vóta Oireachtais agus is í Stiúrthóir an Choimisiúin an tOifigeach Cuntasaíochta dá Vóta.

Treoraítear creat foriomlán rialachais agus rialaithe an Choimisiúin leo seo a leanas:

  • An tAcht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014;
  • An Cód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit;
  • Caighdeán Rialachas Corparáideach na Státseirbhíse;
  • An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995;
  • An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 2001;
  • Tuarascáil an Ghrúpa Oibre ar Chuntasacht Ard-Rúnaithe agus Oifigeach Cuntasaíochta (Tuarascáil Mullarkey);
  • Nósanna Imeachta Airgeadais Phoiblí, 2008.

Struchtúr Eagraíochta agus Grádaithe Pá

Is é an Coimisiún fostóir a fhoirne ar fad, ar státseirbhísigh i státseirbhís an Stáit iad agus a íoctar de réir scálaí caighdeánacha na státseirbhíse. Is é Struchtúr um Ghrádú Pá agus Eagraíochtúil na foirne reatha:

Grád/ Scála Pá

Príomh-Choimisinéir - 1

Stiúrthóir - 1

Príomhoifigeach - 5

Príomhoifigeach Cúnta - 11

Ardoifigeach Feidhmiúcháin - 13

Oifigeach Riaracháin - 11

Oifigeach Feidhmiúcháin - 13

Oifigeach Cléireachais - 13

Na Cineálacha Taifead a Choinníonn an Coimisiún

Bíonn na taifid a choinníonn an Coimisiún sna catagóirí seo a leanas:

Ginearálta

  • Tuarascálacha Bliantúla;
  • Ráitis Straitéise;
  • Pleananna Oibre;
  • Miontuairiscí Cruinnithe Iomlánacha;
  • Taifid Riaracháin Inmheánaigh.

Dlí

  • Taifid ar chúnamh dlí a iarradh agus a fuarthas faoi Alt 40;
  • Taifid ar cheisteanna dlí;
  • Taifid a bhaineann le mionteagaisc Amicus Curiae.

Beartas agus Taighde

  • Tuarascálacha taighde foilsithe;
  • Ráitis ar sheasamh beartais fhoilsithe;

Rannpháirtíocht Straitéiseach

  • Teagmhálacha le Ranna Rialtais;
  • Teagmhálacha le Coistí Oireachtais;
  • Gearrthóga nuachtáin;
  • Óráidí agus Cuir i Láthair;
  • Taifid a bhaineann le tuarascálacha a fhoilsiú m.sh. tuarascálacha bliantúla.

Cúrsaí Corparáideacha

  • Comhaontú/Comhaontuithe Dearbhaithe Chorparáidigh
  • Taifid cuntas;
  • Clár Sócmhainní;
  • Clár Riosca;
  • Taifid saoráidí;
  • Taifid TFC;
  • Taifid Acmhainní Daonna;
  • Ciorcláin agus Treoirlínte na Státseirbhíse/na Seirbhíse Poiblí;
  • Taifid ar nósanna imeachta inmheánacha;
  • Iarratais um Shaoráil Faisnéise;
  • Iarratais um Chosaint Sonraí;
  • Fiosrúcháin/comhfhreagras ginearálta

 

Pleananna agus Straitéisí

Ráiteas Straitéise 2016-2018

Strategy Statement 2016-2018 Plain English – Edited by NALA

Tuarascálacha Bliantúla

Tuarascáil Bhliantúil 2016

Tuarascáil Bhliantúil 2015

Suíomh

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
16-22 Sráid na Faiche
Baile Átha Cliath 7
D07 CR20

 

Sonraí Teagmhála

Má tá ceist ghinearálta/ghnó agat, téigh i dteagmháil le:

Guthán: + 353 (0) 1 8589601
Ríomhphost: info@ihrec.ie

B. Seirbhísí a chuirtear ar fáil don Phobal

Seirbhís Eolais Do Chearta

Is féidir le Do Chearta eolas a thabhairt duit, saor in aisce, faoi do chearta agus na réitigh atá ar fáil duit faoin dlí um chomhionannas agus cearta an duine in Éirinn. Áirítear leis sin eolas faoi:

Tabhair faoi deara nach féidir leis an tseirbhís Do Chearta ach faisnéis amháin a chur ar fáil agus go sonrach nach féidir leis comhairle dlí a sholáthar.

Tabhair faoi deara nach gcuirtear na seirbhísí seo ar fáil:

  • Eolas a sholáthar ar nithe nach gcuimsítear faoin dlí um chomhionannas nó faoin dlí um chearta an duine.
  • Eolas a sholáthar i dtaca le ceisteanna um chearta an duine nó um chomhionannas a tharlaíonn lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.

Teacht ar ár seirbhísí

Tá tuilleadh eolais faoi Do Chearta ar fáil anseo.

Chun dul i dteagmháil le Do Chearta:
  • Glaoigh ar 01 858 3000 nó ar Íosghlao 1 890 245545
  • Seol ríomhphost chuig Cearta@ihrec.ie
  • Nó is féidir scríobh chuig:

Do Chearta, 
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas,
16-22 Sráid na Faiche,
Baile Átha Cliath 7.

C. An Próiseas Cinnteoireachta le haghaidh Tograí Móra Beartais

Sonraítear san Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas go gcuimseofar sa Choimisiún líon nach mó ná 15 chomhalta agus nach lú ná 12 chomhalta , agus go mbeidh Príomh-Choimisinéir an Choimisiúin ar dhuine de na comhaltaí sin.
Ceapadh forálacha an Achta fán gCoimisiún, 2014 chun neamhspleáchas an Choimisiúin ina chuid oibre a chinntiú. Ceapann an Ceann Stáit, an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn comhaltaí an Choimisiúin, i ndiaidh rún in dhá Theach an Oireachtais agus cinneann na comhaltaí beartas agus gníomhaíocht an Choimisiúin go neamhspleách.

D. Faisnéis Airgeadais 

Maoinítear an Coimisiún trí vóta Oireachtais agus is í Stiúrthóir an Choimisiúin an tOifigeach Cuntasaíochta dá vóta.

De réir alt 27(1) den Acht fán gCoimisiún, 2014, tá an Coimisiún freagrach as Cuntais Leithreasa a ullmhú agus as rialtacht na n-idirbheart airgeadais ar fad a chinntiú. Áirítear leis na feidhmeanna atá mar bhonn agus mar thaca ag na freagrachtaí sin íocaíochtaí a údarú agus a mhonatóiriú le haghaidh earraí agus seirbhísí, próisis tairisceana, an párolla a fheidhmiú agus tuairisceáin mhíosúla a chur chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Cuntas Leithreasa

Foilsíonn an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Cuntais Leithreasa an Choimisiúin go bliantúil. Tá téacs iomlán na gCuntas Leithreasa ar fáil anseo.

Tuairisceáin Prasíocaíochta

De réir Chinneadh S29296 den 2 agus 8 Márta 2011 ón Rialtas, éilítear ar an gCoimisiún a chinntiú go n-íoctar sonraisc bhailí laistigh de 15 lá ón dáta a fhaightear iad.
Is féidir breathnú ar thuairisceáin ráithiúla an Choimisiúin ar Phrasíocaíochtaí anseo .

Luach Saothair/Taisteal agus Cothabháil Chomhaltaí an Choimisiúin

Comhalta an Choimisiúin Táillí 2016 Íoctha Taisteal agus Cothabháil 2016
Emily Logan N/B €3083.87
Teresa Blake €9618.75 Nialas
Frank Conaty Nialas €1342.48
Heydi Foster-Breslin €9618.75 Nialas
Liam Herrick €1282.5 Nialas
David Joyce €9618.75 Nialas
Mark Kelly €9618.75 Nialas
Sunniva McDonagh €9618.75 Nialas
An tOllamh Siobhán Mullally Nialas €1241.92
An Dr Mary Murphy Nialas €387.53
An tOllamh Ray Murphy Nialas €1078.8
An Dr Fidèle Mutwarasibo €9618.75 €2472.75
Orlagh O' Farrell €9618.75 Nialas
Betty Purcell €9618.75 Nialas
Kieran Rose Nialas Nialas
Iomlán €78232.5 €9607.35

Comhalta an Choimisiúin Táillí 2015 Íoctha Taisteal agus Cothabháil 2015
Emily Logan Nialas €569
Teresa Blake €7695 Nialas
Frank Conaty Nialas €2030
Heydi Foster-Breslin €7695 Nialas
Liam Herrick Nialas Nialas
David Joyce €7695 Nialas
Mark Kelly €7695 Nialas
Sunniva McDonagh €7695 Nialas
An tOllamh Siobhán Mullally Nialas €955
An Dr Mary Murphy Nialas €900
An tOllamh Ray Murphy Nialas €1944
An Dr Fidèle Mutwarasibo €7695 €3129
Orlagh O' Farrell €7695 €81
Betty Purcell €7695 Nialas
Kieran Rose Nialas Nialas
Iomlán €61560 €9608

E. Soláthar

Beartais Soláthair

Cuireann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas an dea-chleachtas agus seasmhacht i bhfeidhmiú rialacha soláthair phoiblí chun cinn i ndáil leis na hearraí agus seirbhísí a cheannaíonn sé.

Ní mór tabhairt faoin soláthar ar fad laistigh den Choimisiún de réir na reachtaíochta soláthair ábhartha ar fad atá ar fáil anseo.

Nuair is féidir, úsáideann an Coimisiún creata soláthair phoiblí a chuireann an Oifig um Sholáthar Rialtais ar fáil ar ogp.gov.ie.

Tairiscintí Reatha

Tá sonraí faoi thairiscintí reatha an Choimisiúin ar fáil ar www.eTenders.gov.ie, an tsaoráid lárnach do na húdaráis chonartha ar fad san earnáil phoiblí chun deiseanna tairisceana agus fógraí bronnta a fhógairt.

F. Loga Nochta um Shaoráil Faisnéise agus Faisnéis atá le Foilsiú go Rialta

Saoráil Faisnéise

Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 2014, agus bronnadh na cearta reachtúla seo a leanas ar bhaill an phobail dá réir:

  • an ceart chun rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh na gcomhlachtaí poiblí ar fad a chuimsítear san Acht;
  • an ceart chun faisnéis phearsanta i dtaifead a leasú má tá faisnéis dá leithéid neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;
  • an ceart chun cúiseanna a fháil le haghaidh cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a dhéanann difear don duine.

Is comhlacht Saorála Faisnéise é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Déantar idirdhealú san Acht idir faisnéis phearsanta agus faisnéis neamhphearsanta. Is féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta beag beann ar an dáta a cruthaíodh í má tá sí fós ar fáil. Ní féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis neamhphearsanta murar cruthaíodh í i ndiaidh an 21 Aibreán 1998 (dáta tosach feidhme an Achta).

Éilítear ar an gCoimisiún Logaí Nochta a fhoilsiú ina dtaifeadtar gach iarratas um Shaoráil Faisnéise atá neamhphearsanta. Is féidir breathnú ar na Logaí Nochta thíos:

2017 Loga Nochta
2016 Loga Nochta
2015 Loga Nochta

Iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh

Tá treoir faoin gcaoi le taifid a iarraidh ón gCoimisiún faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ar fáil sa Treoir agus Foirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise. Is féidir iarratais um Shaoráil Faisnéise a chur faoi bhráid foi@ihrec.ie nó iad a sheoladh sa phost chuig:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,
16-22 Sráid na Faiche,
Baile Átha Cliath 7.

Foilseacháin

Is féidir breathnú ar fhoilseacháin ón gCoimisiún anseo.
Nochtadh Cosanta
Is féidir breathnú ar bheartas Nochta Chosanta an Choimisiúin anseo.