Treoracha agus Uirlisí

Tugtar roinnt eolais sa chuid seo faoi bhealaí le cearta an duine agus an comhionannas a chur i bhfeidhm go daingean i ngnólachtaí agus in eagraíochtaí. Tá i bhfad níos mó ná comhlíonadh an dlí i gceist leis na tairbhí a bhaineann le beartais agus le cleachtais a léiríonn riachtanais grúpaí éagsúla daoine a fhorbairt. Dá bharr is féidir le gnólacht nó le heagraíocht meas ar an éagsúlacht, ar an gcuimsiú agus ar an gcomhionannas a léiriú. Is féidir láithreacha oibre níos sona agus níos táirgiúla a chruthú agus is féidir cur leis an gcaoi a gcuirtear seirbhísí ar fáil agus iad a fheabhsú.

 

Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chur i bhfeidhm

Leagtar oibleagáid reachtúil le Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine ar chomhlachtaí poiblí idirdhealú a dhíbirt, comhionannas deiseanna a chur chun cinn, agus cearta an duine a chosaint, dóibh siúd a gcuireann sé seirbhísí  ar fáil dóibh, agus don fhoireann i mbun a n-oibre go laethúil.

Cearta an Duine agus Comhionannas d’Fhostóirí

Tá eolas anseo faoi dhlíthe ábhartha chomh maith le roinnt uirlisí agus samplaí praiticiúla a chabhróidh le cultúr chearta an duine agus an chomhionannais a thógáil sa láthair oibre.

Cearta an Duine agus Comhionannas i Soláthar Earraí agus Seirbhísí

Tá eolas anseo faoi dhlíthe ábhartha chomh maith le roinnt uirlisí agus samplaí praiticiúla chun inniúlacht chearta an duine agus an chomhionannais a thógáil i soláthar earraí agus seirbhísí.

Tabhair faoi deara gur mar fhoinse eolais a chuirtear na bileoga eolais seo ar fáil. Ní hionann iad agus comhairle dlí agus níor cheart caitheamh leo mar sin.

Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.