Seacht gCéim i dtreo Chearta an Duine agus Comhionannais sa Láthair Oibre

Creat chun Cultúr Comhionannais agus Chearta an Duine a Thógáil sa Láthair Oibre

Is gá d’fhiontair agus d’eagraíochtaí glacadh le cur chuige beartaithe agus córasach i leith an chomhionannais agus chearta an duine má tá cultúr chearta an duine agus comhionannais le tógáil sa láthair oibre. Cé nach bhfuil aon cheanglas dleathach ann go gcuirfí aon cheann de na cuir chuige anseo thíos i bhfeidhm, d’fhéadfadh an creat seacht gcéim seo a leanas cabhrú le heagraíocht a bhfuil spéis aici cearta an duine agus comhionannas a dhéanamh fite fuaite ina láthair oibre:

  1. Beartas comhionannais agus chearta an duine ina leagtar amach na caighdeáin a bhfuil an fiontar/eagraíocht tiomanta dóibh maidir le fostaíocht
  2. Oiliúint faoi chomhionannas agus cearta an duine a chuireann ar chumas na foirne na caighdeáin sin a thuiscint agus iad a bhaint amach don fhiontar/eagraíocht
  3. Freagracht as comhionannas agus as cearta an duine a leagan ar choiste nó ar dhuine ceaptha chun an caighdeán le haghaidh comhionannais agus chearta an duine a spreagadh agus a chur chun cinn
  4. Treochlár comhionannais agus chearta an duine ina leagtar amach na cuspóirí a dteastaíonn ón bhfiontar/eagraíocht a bhaint amach maidir le comhionannas agus cearta an duine agus fostaíocht agus na céimeanna a thógfar chun na cuspóirí sin a chur i bhfeidhm – tá an plean seo bunaithe ar athbhreithniú ar chúrsaí comhionannais agus chearta an duine maidir leis an bhfostaíocht san fhiontar/eagraíocht
  5. Measúnú tionchair ar chomhionannas agus cearta an duine a chuirfeadh cúrsaí comhionannais agus chearta an duine i gcroí na príomhchinnteoireachta san fhiontar/eagraíocht
  6. Sonraí comhionannais agus chearta an duine a bhailítear agus a ndéantar anailís orthu san fhiontar/eagraíocht maidir le fostaíocht agus na naoi bhforas faoin reachtaíocht comhionannais agus maidir le grúpaí atá i mbaol go sárófaí a gcearta daonna
  7. Rannpháirteachas leasanna comhionannais agus chearta an duine i rialachas san fhiontar/eagraíocht ionas go mbeidh a nguth siúd atá faoi thionchar neamhionannais nó shárú a gceart daonna mar bhonn agus taca do bheartas, do nósanna imeachta agus do chleachtas san fhiontar/eagraíocht

Is é an cuspóir a bhíonn le cur chuige beartaithe agus cuspóireach i leith comhionannais agus chearta an duine go gcuirfí ar chumas an fhiontair/na heagraíochta, go fadtéarmach, deireadh a chur le hidirdhealú, comhionannas a bhaint amach, agus cearta an duine a chomhlíonadh. Ciallaíonn sé sin go ndéanann an fiontar/eagraíocht níos mó ná glacadh le cur chuige frithghníomhach mar a bhíonn gníomhaíocht ar chomhionannas agus ar cheart an duine bunaithe ar dhul i ngleic le fadhbanna nó le deiseanna agus freagairt dóibh sa ghearrthéarma, agus go gcuirtear ar chumas an fhiontair/na heagraíochta comhionannas agus cearta an duine a leabú sa chultúr eagraíochta.

 

 

 

 

Tabhair faoi deara gur mar fhoinse eolais a chuirtear na bileoga eolais seo ar fáil. Ní hionann iad agus comhairle dlí agus níor cheart caitheamh leo mar sin.

Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.