Cearta an Duine agus Comhionannas a chur chun cinn i Láithreacha Oibre Idirchultúrtha

Tá an‑fhéidearthacht ag baint leis an gcomhthéacs seo a bhaineann le héagsúlacht chultúrtha le haghaidh rath gnó, folláine fostaithe agus síocháin sa tsochaí. Léirítear a leanas i dtaighde a d’fhoilsigh an tÚdarás Comhionannais:

  • feabhsaíonn beartais sa láthair oibre ar idirdhealú dearfach agus ar chomhionannas agus éagsúlacht i measc na hardbhainistíocht feidhmíocht na heagraíochta
  • feabhsaíonn córais éagsúlachta agus comhionannais sa láthair oibre táirgiúlacht saothair agus nuálaíocht i measc an lucht saothair agus laghdaítear athrúchán foirne.

Ní féidir tairbhí na héagsúlachta cultúrtha a bhaint amach seachas má bhaintear amach imeascadh na gcultúr difriúil sa láthair oibre. Ciallaíonn imeascadh a bheith i mbun gnó ar bhealach a léiríonn meas ar gach cultúr sa láthair oibre agus a ligeann do gach cultúr cur leis an rath gnó i gcomhthéacs a bhfuil neamh‑idirdhealú agus comhionannas ina sainghné de. Bíonn an méid seo a leanas i gceist le láithreacha oibre imeasctha:

  • bíonn siad saor ó idirdhealú agus ó chiapadh
  • tugann siad aitheantas d’éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch agus freastalaíonn siad uirthi i measc fostaithe agus custaiméirí, chomh maith le coigeartuithe a dhéanamh le haghaidh éagsúlachta i measc na n‑oibrithe imirceacha ar fad agus fostaithe gorma agus fostaithe ó mhionlaigh eitneacha eile, lena n‑áirítear fostaithe faoi mhíchumas
  • tugann siad faoi chéimeanna praiticiúla chun comhionannas iomlán a bhaint amach i ndáiríre le haghaidh na n‑oibrithe imirceacha ar fad agus fostaithe gorma agus fostaithe ó mhionlaigh eitneacha eile
  • cuireann siad teachtaireacht in iúl a chuireann comhionannas níos fearr chun cinn laistigh den phobal níos leithne a bhfuil éagsúlacht chultúrtha ann ar a bhfreastalaíonn an gnólacht.

Tabhair faoi deara gur mar fhoinse eolais a chuirtear na bileoga eolais seo ar fáil. Ní hionann iad agus comhairle dlí agus níor cheart caitheamh leo mar sin.

Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.