Freastal réasúnta maidir le meabhairshláinte

D’fhéadfaí a áireamh le freastal réasúnta i mbun gnímh maidir le meabhairshláinte:

  • Am saor chun freastal ar choinní leighis
  • Meantóireacht agus piarthacaíocht sa láthair oibre
  • Dul i mbun comhairle le fostaí chun freastal air ag filleadh ar an obair
  • Uaireanta freastail fostaí a oiriúnú nó ligean dó oibriú sa bhaile
  • Tascanna áirithe a bhaint d’fhostaí, agus tascanna eile a thabhairt in ionad dualgais chomhionanna, i gcomhairle leis an bhfostaí
  • Oiliúint ábhartha a chur ar fáil chun tacú leis an bhfostaí chun a chuid dualgas a chomhlíonadh.
  • D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach comhairle bhreise a fháil, ach é a chomhaontú leis an bhfostaí roimh ré, ó dhochtúir an fhostaí, ó speisialtóir sláinte cheirde, ó sheirbhís meabhairshláinte nó ó ghrúpa tacaíochta meabhairshláinte.

Nochtadh Deacrachtaí Meabhairshláinte

Ní éilíonn reachtaíocht comhionannais ar dhuine a nochtadh go bhfuil sé faoi mhíchumas. Ní bhíonn deacrachtaí meabhairshláinte le feiceáil i gcónaí agus go minic bíonn drogall ar dhaoine iad a nochtadh. D’fhéadfadh fostaithe a bheith i do láthair oibre cheana féin a bhfuil taithí acu ar dheacrachtaí meabhairshláinte, mar sin tá sé tábhachtach cuimhneamh ar bheartais agus ar chleachtais i leith na bhfostaithe ar fad.

Is mó seans go nochtfaidh fostaithe go bhfuil nó go raibh deacrachtaí meabhairshláinte acu má tá siad cinnte nach ndéanfar idirdhealú idir iad agus fostaithe eile dá bharr. Is féidir le fostóirí é a dhéanamh níos éasca d’fhostaithe deacrachtaí meabhairshláinte a nochtadh mar seo a leanas:

  • Iontaoibh a chruthú le fostaithe
  • Beartais agus cleachtais shoiléire a chur i bhfeidhm a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar riachtanais na bhfostaithe agus freastal réasúnta a dhéanamh, agus na fostaithe a chur ar an eolas fúthu
  • A chinntiú nach bhfuil idirdhealú i gceist le foirmeacha iarratais agus próisis measúnaithe leighis.

Sula n‑iarrtar faisnéis faoi mhíchumas ba cheart d’fhostóirí cuimhneamh ar na ceisteanna seo a leanas:

  • Cén fáth a dteastaíonn an fhaisnéis?
  • Céard a dhéanfar leis an bhfaisnéis?
  • Cén fhaisnéis a theastaíonn?
  • Cén uair a theastaíonn an fhaisnéis?
  • Cé a chaithfidh a bheith ar an eolas faoin bhfaisnéis?
  • Cén chaoi a gcaithfear iad a chur ar an eolas?
  • Cén chaoi a stórálfar an fhaisnéis?

D’fhéadfadh go mbeadh ar an bhfostóir a bheith ar an eolas faoi shaincheisteanna feidhmiúla, ar nós má tá duine ar leigheas a chuireann fonn codlata air, ach nach dteastódh diagnóis an té sin.

Is sonraí pearsanta íogair iad aon fhaisnéis faoi thaithí fostaí ar dheacrachtaí meabhairshláinte. Tugtar treoir sa dlí um chosaint sonraí faoi na daoine a dteastaíonn faisnéis áirithe uathu agus faoin gcaoi leis an bhfaisnéis a stóráil go slán. Feic www.dataprotection.ie.

Má tá tuilleadh faisnéise uait feic:

Tá treoir úsáideach curtha le chéile ag an Údarás Náisiúnta Míchumais faoi fhostaithe a dtagann míchumas orthu a choinneáil, agus tá an treoir sin ar fáil ar an suíomh gréasáin www.nda.ie.

Tabhair faoi deara gur mar fhoinse eolais a chuirtear na bileoga eolais seo ar fáil. Ní hionann iad agus comhairle dlí agus níor cheart caitheamh leo mar sin.

Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.