Oiliúint

Is é an sprioc a bhíonn ag aon tionscnamh oiliúna comhionannais agus éagsúlachta in eagraíocht, thar aon sprioc eile, ná córas fostaíochta a bhaint amach ina bhfuil an comhionannas ina shainghné aige a chruthaíonn timpeallacht oibre bháúil, a bhaineann an tairbhe is fearr is féidir as deiseanna agus cumas gach duine chun a lánacmhainneacht a bhaint amach agus cur le rath na heagraíochta agus an duine féin.

Nuair atá oiliúint á cur ar fáil ba cheart na cuspóirí oiliúna a thabhairt i gcónaí. Is é béim na hoiliúna deis a thabhairt do na rannpháirtithe eolas a fhorbairt agus feasacht a mhéadú, machnamh a dhéanamh ar a ndearcadh féin, a scil a fhorbairt, agus próisis agus iompar eagraíochta agus aonair a athrú nuair is gá.

D’fhéadfaí a áireamh le cuspóirí samplacha:

Oiliúint Idirchultúrtha: Feasacht agus tuiscint a mhéadú i measc rannpháirtithe chun a chur ar a gcumas feidhmiú i láthair oibre il‑eitneach.

Oiliúint i gcoinne Ciapadh agus Bulaíochta: Oideachas a chur ar an bhfoireann ar fad faoi chúrsaí ciaptha ghnéasaigh, ciaptha agus bulaíochta, agus iad a chur ar an eolas faoina róil agus faoina bhfreagrachtaí chun timpeallacht oibre nach bhfuil aon chiapadh ná bulaíocht inti a chinntiú.

Oiliúint Mhíchumais: Cur ar chumas rannpháirtithe na nithe a chuireann bac le rannpháirtíocht agus an freastal a theastódh chun cur ar chumas daoine faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach sa láthair oibriú a bhunú.

Oiliúint Earcaíochta agus Roghnúcháin: Eolas agus scileanna a mhéadú i measc na foirne atá freagrach as na nósanna imeachta agus próisis earcaíochta, roghnúcháin, ceapacháin agus ardaithe céime nó a bhfuil baint ar bith acu leo.

Oiliúint an Lucht Ardbhainistíochta: Feasacht a ardú faoina bhfreagracht agus cuntasacht dlí agus chuideachta agus faoi aon laigí san eagraíocht agus a gcumas a fhorbairt chun pleananna straitéiseacha a chur i dtoll a chéile maidir le comhionannas agus cearta an duine.

Samplaí d’Inneachar Oiliúint Chomhionannais agus Chearta an Duine maidir leis na Naoi bhForas

Ba cheart go n‑áireofaí in Oiliúint Chomhionannas Míchumais:

  • Míchumas a shainmhíniú
  • Creideamh agus meon i leith míchumais
  • Barúlacha, steiréitíopaí agus claontacht
  • Fíricí faoi dhaoine faoi mhíchumas – deireadh a chur leis na scéalta gan bhunús
  • Reachtaíocht agus ionstraimí ábhartha chearta an duine
  • Daoine faoi mhíchumas i mbeartais agus nósanna imeachta comhionannais agus chearta an duine
  • Freastal réasúnta ar dhaoine faoi mhíchumas
  • Idirdhealú dearfach
  • Cás‑staidéir
  • Clár gníomhaíochta chun cuimsiú fostaithe faoi mhíchumas a bhaint amach
  • Ról na teicneolaíochta faisnéise.

Ba cheart go n‑áireofaí in Oiliúint Chomhionannas Aoise:

  • Reachtaíocht agus ionstraimí chearta an duine
  • Idirdhealú dearfach
  • Dul in aois agus fadhbanna aoiseachais (daoine óga agus daoine breacaosta)
  • Barúlacha, steiréitíopaí agus claontacht
  • Tionchar an aoiseachais sa láthair oibre
  • Aoiseachas i mbeartais agus nósanna imeachta comhionannais agus chearta an duine
  • Idirdhealú dearfach a cheadaítear do dhaoine le cois an 50 bliain
  • Tionscnaimh agus cláir gníomhaíochta
  • Scileanna bainistíochta aoise.

Ba cheart go n‑áireofaí in Oiliúint Leispiach, Aerach, Dhéghnéasach, Thrasinscneacha agus Idirghnéasach:

  • Reachtaíocht comhionannais maidir le daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LADTI) agus ionstraimí chearta an duine
  • Gnéaschlaonadh agus féiniúlacht thrasinscneach agus idirghnéasach i mbeartais agus nósanna imeachta comhionannais agus chearta an duine
  • Fíricí agus scéalta gan bhunús a chloistear go minic faoi dhaoine LADTI
  • Barúlacha, steiréitíopaí agus claontacht
  • Tuiscint ar an gcúis ar saincheisteanna sa láthair oibre iad gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne
  • Íogaireacht daoine aonair agus na láithreach oibre faoi shaincheisteanna a imríonn tionchar ar fhostaithe LADTI nó ar fhostaithe ionchais
  • Tacaíochtaí a theastaíonn sa láthair oibre.

Tabhair faoi deara gur mar fhoinse eolais a chuirtear na bileoga eolais seo ar fáil. Ní hionann iad agus comhairle dlí agus níor cheart caitheamh leo mar sin.

Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.