Céard a deir an dlí?

Oibleagáidí Fostóirí faoin Dlí

Leagtar amach oibleagáidí fostóirí maidir le comhionannas agus cearta an duine in achtanna agus i gcóid chleachtais éagsúla, go háirithe:

Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015

Cuireann siad seo cosc ar idirdhealú faoi na naoi bhforas i bhfostaíocht, lena n‑áirítear gairmoiliúint agus taithí oibre. Cuireann siad cosc freisin ar chiapadh gnéasach nó ar chiapadh ar bhonn aon cheann de na naoi bhforas. Ina theannta sin ba cheart d’fhostóirí freastal réasúnta a dhéanamh ar fhostaithe faoi mhíchumas.

Léigh freisin:

Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta – Achoimre
Díolúintí faoi na hAchtanna
Idirdhealú faoi na hAchtanna
Ciapadh gnéasach agus ciapadh sa láthair oibre

An tAcht um Míchumas, 2005, Cuid 5

Ar feadh na mblianta fada, d’fhéach comhlachtaí poiblí le beart idirdhealaithe dhearfaigh a bhaint amach a leag amach sprioc 3% d’fhostaíocht daoine faoi mhíchumas sa tseirbhís phoiblí. Tugann an tAcht um Míchumas, Cuid 5 stádas dlí don sprioc 3% agus cuireann sé léi tuilleadh mar seo a leanas:

  • cuirtear ar chumas gach Aire réimse an idirdhealaithe dhearfaigh a gcaithfidh comhlachtaí poiblí, ina réimse dualgais féin, tabhairt fúthu le haghaidh fostaíocht daoine faoi mhíchumas a leathnú
  • tugtar ról speisialta don Údarás Náisiúnta Míchumais maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh agus le cur i bhfeidhm a chinntiú. Féadfaidh airí Cóid Chleachtais a fhaomhadh freisin chun cabhrú le comhlachtaí poiblí.

Cód Cleachtais i leith Ciapadh Gnéasach agus Ciapadh, 2012

Chuir an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an cód i dtoll a chéile in 2012 agus féachtar leis le forbairt agus cur i bhfeidhm beartas agus cleachtas a chur chun cinn, beartais agus cleachtais a bhunaíonn timpeallachtaí oibre nach bhfuil ciapadh gnéasach ná ciapadh iontu agus ina bhfuil meas ar dhínit gach duine. Is féidir forálacha an chóid a úsáid mar fhianaise inghlactha agus má tá siad ábhartha is féidir iad a chur san áireamh in aon imeachtaí coiriúla nó imeachtaí eile os comhair na cúirte.

Alt 42 den Acht fá IHREC, 2014 

Bhunaigh Alt 42 den Acht fá IHREC dualgas dearfach do chomhlachtaí na hearnála poiblí chun:

  • idirdhealú a dhíbirt
  • comhionannas i ndeiseanna agus sa chaoi a gcaitear le daoine a chur chun cinn
  • cearta an duine a chosaint

Ciallaíonn sé sin go mbeidh aird ag gach comhlacht poiblí ar chearta an duine agus comhionannas nuair atá a bhfeidhmeanna á gcur i bhfeidhm, nuair atá seirbhísí á soláthar agus sa chaoi a mbíonn siad ag plé lena bhfostaithe.

Tá níos mó eolais faoi na hoibleagáidí dlíthiúla sin ar fad ar fáil anseo a leanas:

Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998‑2015 – Achoimre

An tAcht um Míchumas, 2005

Dualgas na hEarnála Poiblí

Tabhair faoi deara gur mar fhoinse eolais a chuirtear na bileoga eolais seo ar fáil. Ní hionann iad agus comhairle dlí agus níor cheart caitheamh leo mar sin.

Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.