Míchumas agus Freastal Réasúnta

Céard iad m’oibleagáidí?

Ceanglaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta ar fhostóirí freastal réasúnta a dhéanamh ar dhaoine faoi mhíchumas. Caithfidh fostóir ‘bearta cuí’ a thógáil chun freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas sa lucht saothair. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh siad socruithe a dhéanamh a chuirfidh ar chumas duine faoi mhíchumas:

  • na deiseanna céanna a bheith aige nuair atá sé ag cur isteach ar obair
  • go gcaithfí mar an gcéanna leis le comhghleacaithe
  • na deiseanna céanna a bheith aige maidir le hardú céime
  • tabhairt faoi oiliúint.

Ní chiallaíonn freastal réasúnta go gcaithfidh fostóir duine a earcú, ardú céime a thabhairt dó, é a choinneáil ná oiliúint a chur ar fáil dó mura bhfuil an cumas ag an duine sin post faoi leith a dhéanamh. Ach ní féidir le fostóir cinneadh a dhéanamh nach bhfuil sé de chumas ag duine faoi mhíchumas post faoi leith a dhéanamh gan machnamh a dhéanamh an bhfuil bearta iomchuí ann a d’fhéadfaí a dhéanamh chun tacú leis an duine tabhairt faoi na dualgais riachtanacha.

Ciallaíonn bearta iomchuí athruithe éifeachtacha agus praiticiúla a chuireann an fostóir i bhfeidhm chun a chur ar chumas fostaithe faoi mhíchumas tabhairt faoin gcuid oibre ar comhchéim lena gcomhghleacaithe. Áirítear ina measc siúd:

  • an t‑áitreabh nó an trealamh a oiriúnú, mar shampla, rampaí cathaoir rothaí a chur isteach, ríomhairí speisialta a chur ar fáil do lucht lagamhairc, córais na lúibe a chur isteach, agus mar sin de
  • uaireanta oibre solúbtha a thairiscint
  • oiliúint nó tacaíochtaí eile a d’fhéadfadh cabhrú a chur ar fáil
  • uaireanta freastail fostaí a oiriúnú nó ligean dó oibriú ón mbaile, nó
  • tascanna áirithe a thabhairt d’fhostaí, agus tascanna eile a thabhairt in ionad dualgais chomhionanna, i gcomhairle leis an bhfostaí.

Níl sé de dhualgas ar an bhfostóir aon rud a chur ar fáil a chuirfeadh an duine ar fáil dó féin go hiondúil. Mar shampla, ní bheifí ag súil go gcuirfeadh fostóir áiseanna éisteachta ar fáil do dhuine lagéisteachta.

Ionas go mbeidh a fhios acu cé na bearta iomchuí ba cheart a chur i bhfeidhm, caithfidh fostóirí riachtanais phraiticiúla daoine faoi mhíchumas a thuiscint, daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu ina measc. Is féidir sin a bhaint amach ach dul i mbun comhairliúcháin le fostaithe faoi mhíchumas, faisnéis bhreise a fháil ar an suíomh gréasáin seo agus trí threoir ón Údarás Náisiúnta Míchumais.

D’fhéadfadh nach mbeadh ar fhostóir na cineálacha beart iomchuí seo a chur ar fáil dá mbeadh ‘ualach díréireach’ ar an bhfostóir dá mbarr. Chun cinneadh a dhéanamh faoi céard is ‘ualach díréireach’ ann don fhostóir, cuirtear cúpla rud san áireamh.

Áirítear ina measc siúd:

  • costas airgeadais na mbeart lena mbaineann
  • costais eile lena mbaineann, mar shampla am na foirne nó tionchar ar tháirgiúlacht
  • méid agus acmhainní airgeadais ghnólacht an fhostóra.

Sular féidir le fostóir a mhaíomh go mbeadh ‘ualach díréireach’ ag baint le bearta nó saoráidí freastail réasúnta a chur ar fáil, caithfidh sé breathnú an bhfuil maoiniú poiblí, deontais, srl., ar fáil. Má tá cúnamh ar fáil, d’fhéadfaí na hathruithe a chur i bhfeidhm seans. Ní gá go mbeadh costas ag baint le go leor de na bearta freastail réasúnta – ar nós socruithe solúbtha oibre nó obair pháirtaimseartha a shocrú.

 

Tá seicliosta a bhaineann le rochtain do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil sa Phaca Acmhainne Míchumais a chuir an tÚdarás Náisiúnta Míchumais i dtoll a chéile.

Tabhair faoi deara gur mar fhoinse eolais a chuirtear na bileoga eolais seo ar fáil. Ní hionann iad agus comhairle dlí agus níor cheart caitheamh leo mar sin.

Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.