Cearta an Duine agus Comhionannas i soláthar earraí agus seirbhísí

Bíonn go leor tairbhí ag baint le hinfheistiú i mbeartais agus i gcleachtais chearta an duine agus comhionannais d’eagraíochtaí san earnáil phoiblí, do ghnólachtaí, d’institiúidí oideachais agus dóibh siúd a ligeann cóiríocht ar cíos nó ar léas. Dá bharr:

  • cuirfear le seirbhís ardchaighdeáin fheabhsaithe do chustaiméirí mar gheall ar a bhéim ar riachtanais custaiméirí éagsúla a chomhlíonadh agus mar gheall ar an gcruthaitheacht agus an léargas a thagann ó aird ar an éagsúlacht sin agus eolas fúithi.
  • spreagfar caidreamh dearfach idir an fhoireann agus custaiméirí nó úsáideoirí na seirbhíse agus tacófar leis, a chuireann ina dhiaidh sin le meanma na foirne agus lena rannpháirtíocht sa ghnólacht.
  • spreagfar béim na foirne ar an reachtaíocht agus ar dhea‑chleachtas.

Ina theannta sin, cinntítear an méid seo a leanas:

  • comhlíontar an dlí
  • seachnaítear an baol a bhaineann le cásanna dlí costasacha a bhaineann le hidirdhealú
  • cabhraítear leat do dhualgas poiblí a chomhlíonadh
  • dírítear do chuid acmhainní go héifeachtach
  • sainaithnítear riachtanais úsáideoirí na seirbhíse
  • sainaithnítear na seirbhísí a bhfuil ag éirí go maith leo agus iad siúd nach bhfuil.

D’fhéadfadh do ghnólacht nó do sheirbhís a bheith i dtús an aistir i dtreo chearta an duine agus an chomhionannais a bhaint amach nó d’fhéadfadh go bhfuil sibh ag plé leo le fada. Cinnfidh sé sin an chéad chéim eile:

 

 

Tabhair faoi deara gur mar fhoinse eolais a chuirtear na bileoga eolais seo ar fáil. Ní hionann iad agus comhairle dlí agus níor cheart caitheamh leo mar sin.

Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.