Explanation of Terms

Soláthar Earraí agus Seirbhísí

Baineann soláthar earraí agus seirbhísí le duine ar bith:

  • A cheannaíonn agus a dhíolann raon leathan earraí
  • A úsáideann nó a chuireann réimse leathan seirbhísí ar fáil
  • A fhaigheann nó a chuireann cóiríocht ar fáil
  • A fhreastalaíonn ar fhoras oideachais nó atá i gceannas ar a leithéid.

Tá forálacha ar leith ag baint le clubanna cláraithe. Tá forálacha san Acht Deochanna Meisciúla 2003 maidir le hidirdhealú a dhéanfadh áitribh cheadúnaithe.

Céard is Idirdhealú ann?

Sainmhínítear idirdhealú mar chaitheamh le duine i mbealach nach bhfuil chomh fabhrach is a chaitear le duine eile, ar caitheadh leis nó a chaithfí leis i gcás inchomparáide ar cheann ar bith de na naoi bhforas atá ann, a bhí ann, a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí nó a chuirtear i leith an té lena mbaineann. Clúdaítear cineálacha éagsúla idirdhealaithe, lena n‑áirítear idirdhealú indíreach, idirdhealú trí líomhaintí agus idirdhealú trí bhainteacht.

Fógraíocht Idirdhealaitheach

Tá cosc ar fhógraíocht idirdhealaitheach. Tá cosc ar fhógra a fhoilsiú, a chur ar taispeántas nó a chur faoi deara go bhfoilseofaí nó go gcuirfí ar taispeántas fógra, a chuireann in iúl go bhfuil sé i gceist idirdhealú, ciapadh nó ciapadh gnéasach a dhéanamh nó go bhféadfaí a thuiscint go réasúnta uaidh go bhfuil a leithéid i gceist.

Céard is Ciapadh Gnéasach agus Ciapadh ann?

Tá cosc ar chiapadh gnéasach agus ar chiapadh i soláthar earraí agus seirbhísí, cóiríochta agus foras oideachais. Ní dhéanfaidh duine (an ‘ciapóir’) ciapadh ná ciapadh gnéasach ar dhuine eile (an ‘t‑íospartach’), nuair a úsáideann an t‑íospartach nó nuair a dhéanann an t‑íospartach iarracht earraí nó seirbhísí a sholáthraíonn an ciapóir a úsáid, nuair a fhaigheann sé cóiríocht nó seirbhísí lena mbaineann ón gciapóir nó nuair a bheartaíonn sé air sin a dhéanamh, nó nuair atá an t‑íospartach ina mhac léinn i bhforas oideachais ina bhfuil an ciapóir i bpost údarásach ann nó nuair a chuir sé isteach ar an bhforas oideachais nó nuair a dhéanann sé iarracht aon cheann de na seirbhísí a thairgtear san fhoras oideachais a úsáid.

Is ionann ciapadh agus cineál iompar neamh‑inmhianaithe ar bith a bhaineann le ceann ar bith de na foráis idirdhealaitheacha. Is ionann ciapadh gnéasach agus cineál iompar gnéasach neamh‑inmhianaithe ar bith. Sa dá chás is iompar é a bhfuil de chuspóir nó de thionchar aige go sáraítear dínit duine agus go gcruthaítear timpeallacht bhagrach, dhoicheallach, mhaslach, náireach nó ghránna don duine. I gcás duine atá freagrach as áit ar foras oideachais é nó ina dtairgtear earraí, áiseanna, nó seirbhísí don phobal nó i gcás duine a chuireann cóiríocht ar fáil, caithfidh sé a chinntiú nach ndéantar ciapadh gnéasach ná ciapadh eile ar aon duine a bhfuil de cheart aige a bheith ansin. Beidh an ‘duine freagrach’ faoi dhliteanas i leith an chiaptha ghnéasaigh nó an chiaptha seachas má thug sé faoi chéimeanna praiticiúla réasúnta chun é a chosc.

Céard is Íospairt ann?

Tá cosc ar íospairt. Tarlaíonn íospairt nuair a chaitheann soláthróir earraí agus seirbhísí nó cóiríochta nó foras oideachais go dona le duine atá ina fhinné in aon imeachtaí faoi na hAchtanna nó le duine a chuir go dleathach i gcoinne gnímh atá mídhleathach faoi na hAchtanna mar gheall ar ghearán idirdhealaithe faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.

Dliteanas Ionadach

Tá fostóirí faoi dhliteanas i leith gníomhartha idirdhealaithe fostaí i rith na fostaíochta murar féidir leo a chruthú gur thug siad faoi chéimeanna praiticiúla réasúnta chun an t‑idirdhealú a chosc. Tá sé ríthábhachtach mar sin go mbeadh beartais chuimsitheacha ag an bhfostóir in aghaidh idirdhealú, ciapadh agus ciapadh gnéasach agus go gcuirfí i bhfeidhm i gceart iad.

Freastal Réasúnta

Caithfidh duine a dhíolann earraí nó a chuireann seirbhísí ar fáil, duine a dhíolann cóiríocht nó a chuireann ar cíos í, forais oideachais agus clubanna gach a bhfuil réasúnta a dhéanamh chun freastal ar riachtanais duine faoi mhíchumas seachas má chosnaíonn sé sin níos mó ná costas ainmniúil. Áirítear leis sin caitheamh go speisialta le duine faoi mhíchumas nó áiseanna speisialta a chur ar fáil dá mbeadh sé dodhéanta nó i bhfad ródheacair leas a bhaint as na hearraí, na seirbhísí, an cóiríocht, srl., dá n‑uireasa.

Idirdhealú Dearfach

Ligeann na hAchtanna do chóir fhabhrach nó d’idirdhealú dearfach a bhfuil d’aidhm leo comhionannas deiseanna a chur chun cinn do dhaoine faoi mhíbhuntáiste nó chun freastal ar riachtanais speisialta daoine nó catagóir daoine a dteastódh áiseanna, socruithe, seirbhísí nó cúnamh uathu mar gheall ar a gcúinsí pearsanta. Tá an cosc ar idirdhealú faoi réir roinnt díolúintí ginearálta agus sonracha.

Tabhair faoi deara gur mar fhoinse eolais a chuirtear na bileoga eolais seo ar fáil. Ní hionann iad agus comhairle dlí agus níor cheart caitheamh leo mar sin.

Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.