Samplaí agus uirlisí

Tá ciall leis an gcomhionannas ó thaobh an ghnó de. Léiríonn an taighde má infheistítear sa chomhionannas:

  • cuirtear leis an mbrabús
  • tógtar clú na cuideachta le custaiméirí reatha agus féideartha; feabhsaítear táirgiúlacht
  • méadaítear nuálaíocht agus cinnteoireacht éifeachtach i gcuideachtaí
  • seachnaítear aighnis chostasacha dlí a thraochann meanma na foirne agus a dhéanann dochar do chlú na cuideachta le custaiméirí.

Na laethanta seo, bíonn na dúshláin seo a leanas os comhair gnólachtaí:

  • Cén chaoi ar féidir linn buntáiste iomaíoch a chinntiú?
  • Cén chaoi ar féidir linn níos mó custaiméirí a chinntiú?
  • Cén chaoi ar féidir linn custaiméirí a choinneáil?
  • Cén chaoi ar féidir linn níos mó a dhéanamh le níos lú acmhainní?

Tá daonra agus bonn custaiméirí na hÉireann níos éagsúla ná mar a bhí riamh. Cabhraíonn infheistiú i gcomhionannas le cuideachta aithne níos fearr a chur ar a custaiméirí, céim riachtanach chun a sciar reatha den mhargadh a choinneáil. Cabhraíonn sé freisin le cuideachtaí tuiscint a fháil ar an bhféidearthacht laistigh de mhargaí nua.

D’fhéadfaí custaiméirí nua a mhealladh i measc daoine faoi mhíchumas agus daoine breacaosta le hioncam indiúscartha dá ndéanfaí d’áitreabh feiliúnach do dhaoine faoi mhíchumas. Má chóiríonn tú d’áitreabh agus má tá daoine faoi mhíchumas in ann táirge nó seirbhís a cheannach uait nach raibh ar fáil dóibh go dtí sin, is dóigh go mbeidh an custaiméir sin an‑sásta le do ghnólacht agus go bhfanfaidh siad dílis duit amach anseo.

Céard is Féidir Leat a Dhéanamh?

Dearadh na teimpléid seo a leanas chun tacú le do chuideachta nó do ghnólacht. Is féidir na teimpléid a thairgtear a leasú nó a athrú chun go bhfeilfidh siad don méid a thairgeann do ghnólacht nó do sheirbhís.

Dul i gComhairle le Daoine Eile
Tabhairt faoi iniúchadh inmheánach ar chearta an duine agus an comhionannas
Acmhainní agus Foilseacháin

Eiseamláirí i mbun gnímh

 

Tabhair faoi deara gur mar fhoinse eolais a chuirtear na bileoga eolais seo ar fáil. Ní hionann iad agus comhairle dlí agus níor cheart caitheamh leo mar sin.

Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.