Céard a deir an dlí?

An gcuireann tú earraí ar fáil do dhuine nó an seachadann tú ‘seirbhís’, is é sin, an gcuireann tú a dteastaíonn ó dhuine eile ar fáil dóibh? Mar shampla, an gcuireann tú aon cheann acu seo a leanas ar fáil?

  • baincéireacht, árachas, deontais, iasachtaí, creidmheas nó maoiniú
  • siamsaíocht, áineas, béilí amuigh
  • gníomhaíochtaí cultúrtha
  • iompar nó taisteal
  • seirbhísí nó áiseanna a chuireann club ar fáil (a bhíonn ar fáil don phobal nó do ghrúpa faoi leith sa phobal), nó
  • seirbhísí gairmiúla
  • seirbhísí poiblí ar nós sláinte nó oideachais.

Má chuireann, tá sé tábhachtach go dtuigfeá do chuid oibleagáidí dlíthiúla. Tá níos mó eolais faoi na dlíthe a bhaineann le cúrsaí comhionannais i soláthar earraí agus seirbhísí ar fáil thíos:

Na hAchtanna um Stádas Comhionann

Oideachas

Tithíocht

Díolúintí faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann

 

Tabhair faoi deara gur mar fhoinse eolais a chuirtear na bileoga eolais seo ar fáil. Ní hionann iad agus comhairle dlí agus níor cheart caitheamh leo mar sin.

Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.