Foilsíonn IHREC Aighneacht faoin Athbhreithniú Neamhspleách ar an Scéim Cúnaimh Dlí Shibhialta

Is Ceart Daonna Bunúsach é Rochtain Chothrom ar an gCeartas a deir an Coimisiún

I mí an Mheithimh 2022, chuir an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee tús le hathbhreithniú ar an Scéim Cúnaimh Dlí Shibhialta den chéad uair ina stair a théann siar níos mó ná 40 bliain. D’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) a Aighneacht inniu faoin Athbhreithniú Neamhspleách ar an Scéim Cúnaimh Dlí Shibhialta.

Ag croí ár n-aighneachta tá moltaí faoi chuid de na príomh-athchóirithe a chreidimid atá riachtanach chun go mbeadh an córas atá i bhfeidhm faoi láthair ag teacht leis an mbeartas um chearta an duine agus comhionannas is fearr.

Fáiltímid roimh an deis seo chun na moltaí seo a dhéanamh toisc gur tharraingíomar aird arís agus arís eile ar easnaimh sa scéim reatha agus go ndearnamar moltaí roimhe seo, ina measc raon feidhme an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil (“LAB”) a leathnú, athbhreithniú a dhéanamh ar an ranníocaíocht airgeadais, agus cinntiú go bhfuil dóthain acmhainní ag LAB.

Agus Éire ag téarnamh agus ag atógáil i ndiaidh phaindéim Covid-19, táimid fós ag fulaingt de bharr na géarchéime tithíochta agus tá géarchéim costais maireachtála ar bun faoi láthair. Tá na géarchéimeanna ilpháirteacha sin ag géarú fhadhbanna an neamhionannais gheilleagraigh, rud a fhágann go bhfuil rochtain chothrom agus éifeachtach ar chúnamh dlí sibhialta níos práinní fós.

Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:

“Tá rochtain chothrom ar cheartas ina bunchloch de dhaonlathas cóir. Tarraingítear aird go sonrach i bPlean Straitéiseach 2022–2024 dár gcuid ar an ngá atá le rochtain ar Chúnamh Dlí a leathnú chun ár n-oibleagáidí um chearta an duine a chomhlíonadh.

“In 2015, áiríodh i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, den chéad uair, rochtain ar cheartas a sholáthar do chách. Tá aghaidh a thabhairt ar na bearnaí i soláthar an chúnaimh dlí shibhialta sa Stát ina chuid de rochtain ar cheartas a chinntiú.

“Ag deireadh an lae, táimid ag iarraidh a chinntiú go gcuireann ár Scéim Cúnaimh Dlí Shibhialta ar a gcumas go gníomhach do dhaoine a gcearta a rochtain, cuma cén cúlra atá acu. Is ceart daonna bunúsach é rochtain chothrom ar an gceartas. Agus is ceart é a chaithfimid a bhaint amach.”

Áirítear ar Mholtaí an Choimisiúin:

 Maidir le hIncháilitheacht

  • Má theastaíonn tástáil acmhainne, ba cheart cur chuige níos solúbtha i leith a chur i bhfeidhm a ghlacadh.
  • Má theastaíonn tástáil acmhainne, ba cheart na tairseacha ioncaim, caipitil agus liúntais a leasú go leibhéil réalaíocha chun na méaduithe ar an gcostas maireachtála agus na costais bhreise a bhíonn ar ghrúpaí atá leochaileach go struchtúrtha, Costas Míchumais mar shampla, a chur san áireamh.
  • Go ndéanfaí athbhreithniú gach bliain ar aon chritéir incháilitheachta airgeadais in aghaidh caighdeáin náisiúnta imdhíonaithe bochtaineachta, go bhfoilseofaí an Roinn Dlí agus Cirt an anailís fholuiteach, agus gur cheart go mbeidís bunaithe ar phrionsabail chearta an duine agus comhionannais.

Maidir le hInrochtaineacht

  • Go mbeadh rochtain ar cheartas, á sainmhíniú ar bhealach a chomhlíonann caighdeáin chearta an duine agus comhionannais, ina croíluach den Bhord um Chúnamh Dlíthiúil.
  • Go ndéanfadh an Stát athbhreithniú ar na constaicí a d’fhéadfadh bac a chur ar inrochtaineacht na Scéime i measc grúpaí atá leochaileach go struchtúrtha.
  • Go ndéanfaí an Scéim Cúnaimh Dlí Shibhialta seasmhach i leith comhionannais chun comhionannas rochtana ar chúnamh dlí sibhialta a chinntiú chomh maith le comhairle dóibh siúd ar fad a chaithfidh leas a bhaint as an Scéim.

Maidir le Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine

  • Go leasófaí an tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995 chun foráil a dhéanamh go bhféadfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil comhairle dhlí agus cúnamh a sholáthar saor in aisce d’íospartaigh uile cionta gnéasacha.
  • Go n-úsáidfí an téarma ‘íospartach amhrasta gáinneála ar dhaoine’ in áit ‘íospartach féideartha gáinneála ar dhaoine’
  • Go dtabharfaí tacaíocht dlí leordhóthanach agus luath go réamhghníomhach do na híospartaigh amhrasta gáinneála ar dhaoine uile.
  • Ba cheart an tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995 a leasú le go bhféadfaí ionadaíocht dhlíthiúil ar leith a dhéanamh ar íospartaigh cionta dúshaothraithe ghnéasaigh a rinneadh faoi alt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008. Dá réir sin, theastódh leasú ar Acht 1995.

 CRÍOCH/