Foilsíonn IHREC a Chomhairle don Rialtas faoin Scéim Sásaimh le haghaidh Daoine a Tháinig trí Árais Máithreacha agus Naíonán a Chomhlíonfadh Cearta an Duine agus Comhionannas

D’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) inniu a mholtaí a cuireadh faoi bhráid an Rialtais ar ghnéithe chearta an duine agus an chomhionannais den scéim sásaimh a theastaíonn dóibh siúd a tháinig trí Árais Máithreacha agus Naíonán.

Cuireadh comhairle neamhspleách an Choimisiúin faoi bhráid an Rialtais i mí Aibreáin 2021 i ndiaidh cuireadh ón Aire Comhionannais ina ról mar Institiúid Náisiúnta na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhlacht Náisiúnta na hÉireann um an gComhionannas.

Foilsítear an chomhairle sin inniu agus an Chomh-Aireacht ag foilsiú chur chuige beartaithe an Stáit i leith sásamh dóibh siúd a tháinig trí Árais Máithreacha agus Naíonán.

Thug an Coimisiún faoi ocht seisiún éisteachta duine ar dhuine leis na daoine sin agus é ag ullmhú a mholtaí le haghaidh mhí Aibreáin 2021.

Labhair daoine a tháinig trí na hÁrais le IHREC, agus leag siad béim ar an gceart chun fírinne agus ar rochtain ‘shaor agus gan srian’ ar a dtaifid agus a bhfaisnéis phearsanta féin. Léirigh siad ar fad a n-imní faoi thuarascáil deiridh an Choimisiúin Imscrúdúcháin.

I measc na moltaí a leag IHREC amach ina aighneacht, bhí:

  • Níor cheart go mbeadh orthu siúd a tháinig trí na hÁrais glacadh le torthaí Thuarascáil an Choimisiúin Imscrúdúcháin chun teacht ar shásamh.
  • Caithfidh an Rialtas comhlacht sásaimh neamhspleách a bhunú chun an scéim a riar, chomh maith le sásra maoirseachta chun cinntí an chomhlachta sin a athbhreithniú.
  • Ní bheadh scéim “ex gratia” (gan oibleagáid), a d’fhéachfadh le dliteanas a shéanadh nó a theorannú, ar an rogha is fearr ó thaobh chearta an duine agus comhionannais. D’fhéadfadh cúiteamh airgeadais amháin, gan aon admháil, a bheith maslach agus easnamhach.
  • Ba cheart don scéim éascaíocht a dhéanamh ar leithscéal a ghabháil leo siúd a tháinig trí na hÁrais ó oifigigh ar son an Stáit agus eintitis phríobháideacha ábhartha.
  • Ba cheart tús áite a thabhairt do shásamh do chatagóirí áirithe daoine a tháinig trí na hÁrais, ar bhonn aoise, sláinte agus míchumais, agus ba cheart ionadaíocht agus comhairle dhlí a chur ar fáil do gach iarratasóir.
  • Ba cheart go mbeadh prionsabail chearta an duine agus comhionannais mar bhonn agus taca ag dearadh agus cur i bhfeidhm na scéime iomláine.
  • Ba cheart an scéim a fhréamhú i rannpháirtíocht bhríoch agus leanúnach na ndaoine a tháinig trí na hÁrais ina dearadh, a forbairt agus a cur i bhfeidhm, daoine a bhféadfadh bacainní a bheith roimh a rannpháirtíocht ina measc.
  • Ba cheart don chúiteamh a bheith leordhóthanach, i gcomhréir le tromchúise an tsáraithe/na sáruithe, agus ba cheart go léireodh sé idir dhíobháil airgid agus díobháil neamhairgid. Ba cheart go mbeadh sé ina chuid de phacáiste beart iomlánaíoch agus inrochtana chun caighdeán saoil na ndaoine a tháinig trí na hÁrais a fheabhsú.
  • Ba cheart go mbeadh gach bean agus páiste a bhí in Árais Máithreacha agus Naíonán, Árais Chontae, agus institiúidí gaolmhara eile i ndiaidh 1974 incháilithe le haghaidh cúitimh faoin scéim nó tá an Stát i mbaol oibleagáidí comhionannais a shárú.
  • Bíonn tionchair shuntasacha fhéideartha orthu siúd a tháinig trí na hárais nuair a bhíonn siad ag plé le scéim sásaimh, mar sin ba cheart go mbeadh an tairseach fianaise le haghaidh rochtain ar an scéim bunaithe ar na híospartaigh agus ualach cuí á thabhairt dá dteistiméireacht.
  • Caithfear nósanna imeachta córa a leagan amach go soiléir sa scéim, ina measc réiteach díospóidí agus idirghabháil agus breithniú neamhsháraíochta.

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:

“D’fhoilsigh IHREC ár gcomhairle neamhspleách a cuireadh faoi bhráid an Rialtais i mí Aibreáin faoi na comhpháirteanna féideartha a bheadh ag cur chuige i leith sásaimh a chomhlíonfadh cearta an duine agus comhionannas.

“Ní bhaineann sásamh leis an Stát ag scríobh seic agus ag leanúint ar aghaidh. Bhí siad siúd a tháinig tríd na hárais agus lenar labhraíomar nuair a bhí ár moltaí á múnlú againn ar aon fhocal faoina mian go bhfaighfí an fhírinne, faisnéis agus rochtain níos leithne ar leigheas.

“Is céim riachtanach é foilsiú thograí an Stáit le haghaidh sásamh dóibh siúd a tháinig tríd na hÁrais Máithreacha agus Naíonán inniu, ach caithfear a chinntiú nach bhfuil ann ach cuid amháin de chomhrá leanúnach faoin sásamh, leo siúd a tháinig trí na hÁrais agus lena n-aghaidh.”

Críoch

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,

087-0697095

Lean muid ar twitter @_IHREC