Teastaíonn Pionóis in Éirinn as Ceanglais Frithchiníochais a Shárú

 Tá monatóireacht agus forfheidhmiú, úsáid pionós ina measc, i measc cuid de na bearta a theastaíonn chun an ciníochas a chomhrac in Éirinn de réir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) a d’fhoilsigh a moltaí inniu le haghaidh Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann i gcoinne an Chiníochais.

Leagtar amach sa tuarascáil dar teideal “Developing a National Action Plan Against Racism” an méid a chaithfear a dhéanamh i réimsí ar nós póilíneachta, oideachais, na meán, polaitíochta, fostaíochta agus cúram sláinte, agus déantar os cionn 130 moladh le haghaidh gníomhaíocht Stáit. Tarraingítear aird ar an ngá leis an bhfrithchiníochas a chur chun cinn ar fud institiúidí polaitíochta agus poiblí an Stáit trí oiliúint chórasach agus earcú níos éagsúla inár ngairmeacha póilíneachta, cúirteanna, cúraim sláinte agus teagaisc. Iarrann an Coimisiún go sonrach go mbunófaí fóram poiblí bliantúil rannpháirtíochta maidir le cur chun cinn an fhrithchiníochais, agus go mbeadh a líne bhuiséid shonrach féin ag an bplean agus ceannaireacht ainmnithe laistigh den Rialtas.

Tuairiscíonn an Coimisiún nach bhfuil rochtain chomhionann ag daoine ó chúlraí mionlach eitneach ar sheirbhísí poiblí, agus tarraingítear aird ar bhacainní amhail an fháil theoranta ar ateangairí ar a bhfuil an oiliúint chuí, cuntasacht níos laige nuair a chuirtear seirbhísí Stáit ar fáil trí ghníomhaithe príobháideacha, agus deighiltí i gcúrsaí oideachais agus cúraim sláinte.

Cuirfidh an Coimisiún a mholtaí i láthair go pearsanta do Choiste Frithchiníochais an Rialtais ar an 16 Meán Fómhair; is é sin an Coiste atá freagrach as forbairt Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann i gcoinne an Chiníochais atá le foilsiú níos deireanaí i mbliana.

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas inniu:

“Teastaíonn slógadh ar fud shochaí na hÉireann chun aghaidh a thabhairt ar an gciníochas in Éirinn. I mbeagán focal, caithfidh sé a bheith ina thosaíocht ní hamháin inár ndlíthe, ár seirbhísí poiblí agus ár mbuiséid, ach freisin sna háiteanna ina mbímid ag foghlaim, ag obair agus ag teacht le chéile.

“Is deis é Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann i gcoinne an Chiníochais chun ár dtoil agus ár bhfuinneamh náisiúnta a dhíriú ar dheireadh a chur le hidirdhealú agus míbhuntáiste ciníoch, ionas gur féidir linn ar fad tairbhe a bhaint as rannpháirtíocht chomhionann cách.

“Le go mbeadh sé éifeachtach, caithfear é a struchtúrú chun spriocanna, táscairí, torthaí, tréimhsí agus líne bhuiséid atá soiléir a áireamh. Caithfidh an mhonatóireacht ar sholáthar an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais rannpháirtíocht na ndaoine lena mbaineann a áireamh, agus ba cheart go ndéanfaí meastóireacht neamhspleách ar phróiseas agus ar thorthaí an phlean, bunaithe ar phrionsabail um chearta an duine agus comhionannas.”

“Feicimid go bhfuil gá le tús áite a thabhairt do phóilíneacht agus forfheidhmiú dlí in inneachar Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann i gcoinne an Chiníochais, mar a rinneadh i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh an Chiníochais.”

“Fágann idirdhealú ciníoch léirscrios daonna ina dhiaidh dóibh siúd ar a ndírítear, as a n-eascraíonn mí-úsáid substaintí, dúlagar, smaointe faoi fhéinmharú, agus daoine á scoitheadh féin ó na seirbhísí poiblí. Chuala an Coimisiún go díreach faoin gcaoi ‘nach gcaitear sách dáiríre’ le fadhbanna meabhairshláinte i measc páistí agus daoine óga ar mionlaigh eitneacha iad.”

Áirítear le moltaí an Choimisiúin le haghaidh an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais gur cheart don Stát:

Maidir le hOideachas (lch 36)

  • athbhreithniú a dhéanamh ar na himpleachtaí comhionannais a bhaineann le critéar iardhaltaí in iontrálacha scoile; aghaidh a thabhairt ar úsáid na n-amchlár laghdaithe agus cláir a chur i bhfeidhm chun torthaí oideachais a fheabhsú le haghaidh páistí ón Lucht Siúil agus páistí Romacha.
  • aghaidh a thabhairt ar cheisteanna oideachais le haghaidh páistí sa phróiseas cosanta idirnáisiúnta, lena n-áirítear dóthain acmhainní a chur ar fáil i gcás tacaíochtaí Béarla, trealamh TF agus iompair chun rochtain ar ghníomhaíochtaí iarscoile a chinntiú, chomh maith le soláthar acmhainní faisnéise le haghaidh teaghlach faoi chlárú le haghaidh áit scoile.
  • plean trédhearcach a fhorbairt maidir le dífheistiú agus pátrúnacht scoileanna, le foráil le haghaidh pionós i gcás cur i bhfeidhm easnamhach.
  • cláir éigeantacha frithchiníochais a leabú ag gach leibhéal den chóras sláinte, chomh maith le cláir oiliúna tosaigh do mhúinteoirí agus forbartha gairmiúla leanúnaí. Ba cheart go mbeadh ábhar san oideachas frithchiníochais a chuirtear in oiriúint do thaithí grúpaí difriúla ar an gciníochas ar nós an Lucht Siúil agus Daoine de bhunús na hAfraice.

Maidir le Póilíneacht (lch 65)

  • díriú ar earcú, coinneáil agus dul chun cinn seirbhíse póilíneachta éagsúla a léiríonn éagsúlacht shochaí na hÉireann go hiomlán.
  • spriocanna sonracha a leagan amach le haghaidh éagsúlachta i nósanna imeachta earcaíochta an Gharda Síochána agus ba cheart meastóireacht rialta a dhéanamh ar bheartais ardaithe céime na nGardaí chun aghaidh a thabhairt ar thearcionadaíocht na ngrúpaí mionlach.
  • aghaidh a thabhairt ar mheonta diúltacha i measc Gardaí i leith grúpaí mionlach eitneach agus bearta a leagan amach chun aghaidh a thabhairt ar phróifíliú ciníoch, lena n-áirítear tuairisciú ó dhaoine óga ó mhionlaigh eitneacha.

Maidir le Sláinte (lch 54)

  • rochtain a mhéadú ar chúram sláinte le haghaidh grúpaí mionlach eitneach a mbíonn tionchar díréireach orthu trí easpa rochtana ar sheirbhísí cúraim sláinte príobháideacha, de bharr go bhfuil ró-ionadaíocht orthu i gcúrsaí bochtanais agus dífhostaíochta.
  • caitheamh go dáiríre leis na tionchair mheabhairshláinte a bhíonn ag eachtraí ciníocha, idirdhealú, miocrachasáin agus easpa ionadaíocht chruinn, ar tharraing daoine óga ó mhionlaigh eitneacha aird orthu toisc go mbíonn an tionchar is measa acu ar a bhfolláine mheabhrach, as a n-eascraíonn aireachas leanúnach, imní, dúlagar, agus féinmhuinín íseal.
  • freagairt ar an ngá práinneach atá le tacaíochtaí a dhírítear ar an Lucht Siúil chun féinmharú a chosc, agus tacaíocht dóibh siúd a bhfuil an féinmharú tar éis iad a fhágáil faoi bhrón.
  • dualgas a chur ar an Roinn Sláinte agus ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun rochtain ar an gcóras seirbhíse cúraim sláinte in Éirinn a mhéadú do ghrúpaí mionlach eitneach, a gcóir leighis ann a mhéadú agus a mbealaí tríd an gcóras sin a mhéadú.

Maidir le Monatóireacht ar Chomhionannas Eitneach (lch 13)

  • aghaidh a thabhairt ar an easnamh sonraí ar bhunús ciníoch nó eitneach in Éirinn ag a mbíonn iarmhairtí móra dár dtuiscint ar an idirdhealú ciníoch in Éirinn – go sonrach nuair atáthar ag fiosrú na mbacainní struchtúrtha agus institiúideacha a bhíonn roimh mhionlaigh eitneacha.
  • sainordú soiléir a bhunú le haghaidh bailiú agus próiseáil sonraí ar bhunús ciníoch nó eitneach ar fud na gcomhlachtaí poiblí ar fad, go háirithe an Garda Síochána.

CRÍOCH/

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,

087 0697095

Brian.Dawson@ihrec.ie

Lean muid ar twitter agus Instagram @_IHREC