Foilsítear Tuarascáil Bhliantúil Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas le haghaidh 2020

  • Idirdhealú mar gheall ar mhíchumas ar an réimse is mó a raibh an pobal i dteagmháil faoi, agus 54% de na ceisteanna a bhain le comhionannas ag plé leis an míchumas
  • Obair dírithe ar COVID agus reachtaíocht éigeandála; póilíneacht cumhachtaí a bhaineann leis an bpaindéim agus fadhbanna a bhí ag daoine faoi mhíchumas agus daoine eile
  • Ról nua mar Rapóirtéir Náisiúnta na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc
  • Obair sna cúirteanna ar athaontú teaghlach, cearta an linbh agus an nós imeachta chun saoránacht Éireannach a chúlghairm; obair dhlíthiúil shuntasach ar athbhreithnithe comhionannais freisin, a dhírigh ar chóiríocht don Lucht Siúil go sonrach
  • Dúshlán an chiníochais tugtha trí thaighde nua agus feachtas náisiúnta feasachta poiblí
  • €500,000 i ndeontais ag tacú le tionscadail ar fud na tíre a chuireann rochtain ar chearta agus ar cheartas chun cinn

D’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas Tuarascáil Bhliantúil 2020 dá chuid atá le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tarraingítear aird sa tuarascáil ar ghníomhaíocht shuntasach an Choimisiúin a bhain le COVID-19 i rith an séú bliain iomláin oibre mar chomhlacht náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus comhionannais.

Agus í ag cur na tuarascála i láthair, phléigh an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney géarchéim Covid-19, an dúshlán gan choinne don Stát, agus an oibleagáid atá air na cearta chun na beatha agus na sláinte a chosaint:

“Ó thús na paindéime, leag an Coimisiún béim ar an ngá a bhí ann go mbeadh aird ag an Stát ar thionchar a chinnteoireachta éigeandála ar chearta an duine agus comhionannas. I rith na bliana, thug an Coimisiún aghaidh ar impleachtaí ghéarchéim Covid-19 ar chearta an duine agus comhionannas agus a tionchar díréireach ar roinnt daoine inár bpobail.

“Ba mheasa an ghéarchéim seo do mhná, a ghlac níos mó de na dualgais ag an mbaile orthu féin agus iad i mbun oibre sa bhaile agus scolaíocht bhaile, a d’fhulaing níos mó foréigean baile agus tionchar níos mó de bharr caillteanas oibre, toisc gurb iad is mó a bhíonn fostaithe in obair neamhchinnte agus pháirtaimseartha.

“Bhí sé níos deacra ar dhaoine atá i ngreim ag an mbochtaineacht nó i mbaol na bochtaineachta cloí le bearta sláinte poiblí mar gheall ar a ndrochdhálaí maireachtála. Tá go leor daoine ar an taobh mícheart den deighilt dhigiteach freisin, mar a raibh an t-aistriú go seirbhísí ar líne, a rinne an ghéarchéim níos éasca do go leor dínn, teoranta nó dodhéanta i gcásanna áirithe.

“Agus i gcás daoine a chónaíonn i Soláthar Díreach, chruthaigh a ndálaí maireachtála nochtadh níos mó ar an víreas. D’éirigh go maith leo siúd atá faoi ghéibheann inár bpríosún ó thaobh an ionfhabhtaithe de, ach d’fhulaing siad mar gheall ar na srianta méadaithe sin agus an t-anró a chruthaigh siad.

“Maidir le daoine atá faoi mhíchumas, tarraingíodh siar seirbhísí orthu, rud a bhí tubaisteach, agus a chruthaigh marbhántacht nó fiú cúlú do roinnt, agus leithlisiú uafásach do go leor eile.

Gan amhras, ba iad an grúpa ba mhó a chaill a mbeatha na daoine scothaosta inár bpobal. Léirigh taithí na ndaoine i dtithe altranais agus i suíomhanna cruinnithe arís nach réiteach inmharthana cónaitheacha iad sin don ré seo.”

ÁIRÍTEAR LE BUAICPHOINTÍ THUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2020:

Gníomhaíocht Dhlíthiúil

Mar amicus curiae (cara na cúirte), d’iarr an Coimisiún cead idirghabhála in 2020 i dtrí imeacht nua a bhain le réimse ceisteanna tábhachtacha um chearta an duine agus comhionannais, agus bronnadh an cead sin i ngach cás.

Áiríodh leis na hidirghabhálacha dlí suntasacha:

  • Athaontú teaghlach teifeach – I mí an Mheithimh 2020, thug an Chúirt Uachtarach aitheantas do dhlínse na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine ar chearta teifeach chun athaontú teaghlach. Réitigh an toradh an bealach do KN agus MAM chun athaontú teaghlaigh a lorg tríd an bpróiseas foirmiúil, agus thug an Chúirt aitheantas freisin go bhféadfadh an breithiúnas sin dul chun leasa 50 duine eile a bhí i gcúinsí cosúla (MAM v. an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus KN v. an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais).
  • Maidir leis an nós imeachta le saoránacht Éireannach a chúlghairm – Ina breithiúnas i mí Dheireadh Fómhair 2020, rialaigh an Chúirt Uachtarach go bhfuil an nós imeachta chun saoránacht Éireannach a chúlghairm míbhunreachtúil. Dúirt sí go bhfuil “suntasacht thromchúiseach” ag baint le caillteanas saoránachta agus rialaigh go gcaithfear an próiseas cúlghairme a bheith fónta (Ali Charaf Damache v. an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais).
  • Maidir le cearta an linbh agus coimircithe cúirte faoi aois – Ghníomhaigh an Coimisiún mar amicus i gcás os comhair na Cúirte Uachtaraí a bhain le cóir leighis a chur ar bhuachaill 11 bhliain d’aois a d’fhulaing gortuithe néareolaíocha i dtimpiste a d’athraigh a shaol ó bhonn (Maidir le JJ).
  • Athbhreithnithe Comhionannais – Anuas ar a thuarascáil bhliantúil, d’fhoilsigh an Coimisiún cuntais inniu freisin ar athbhreithnithe comhionannais le haghaidh údaráis áitiúla na hÉireann, a dhírigh ar chóiríocht don Lucht Siúil go sonrach a soláthar do dhaoine ó Phobal an Lucht Siúil.
  • Cóid Chleachtais – D’ullmhaigh an Coimisiún trí chód cleachtais, atá ar feitheamh fhaomhadh an Aire, maidir le Cleachtas maidir le Pá Comhionann; Cód Cleachtais athbhreithnithe i leith Ciapadh Gnéasach agus Ciapadh ag an Obair agus Cód Cleachtais maidir le Cearta Teaghlach ag Ionchoisní.

Áiríodh leis na torthaí dearfacha i gcásanna inar sholáthraíomar ionadaíocht dhlíthiúil dhíreach i rith 2020:

Captaen san Aerchór a ndearnadh idirdhealú uirthi ar an bhforas inscne. I ndiaidh don Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) breithiúnas a thabhairt ar a son, dúirt an bhean: “Tá súil agam go dtabharfaidh an méid a baineadh amach sa toradh agus sa chinneadh seo roinnt léargais ar na réimsí dorcha a chaithfear a nochtadh in Óglaigh na hÉireann. Tá súil agam go gcabhróidh an t-éacht beag seo le cúrsaí a dhéanamh níos éasca, an bealach a réiteach don todhchaí agus iad siúd a fágadh ar cúl a spreagadh, ionas go n-éistfear lena ndeacrachtaí, a bpian, a ndúshláin agus a bhfadhbanna i gcás idirdhealú, íospartha, bulaíochta, ciapadh agus ciapadh gnéasach agus go dtabharfar aghaidh orthu ansin ar bhealach níos sciobtha ná mo streachailt féin a mhair seacht mbliana.”

D’éirigh le dúshlán fir d’idirdhealú aoise sa Gharda Síochána. Ag labhairt dó faoin idirdhealú a d’fhulaing sé i ndiaidh a chás a chur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a d’fhág go bhféadfaí dul ar aghaidh lena chás WRC, dúirt an fear: “Táim sásta gur thángthas ar chinneadh ar deireadh tar éis nach mór 14 bliana, i mo chás-sa, agus tá súil agam go mbeidh tionchar dearfach aige ar an aois earcaíochta don Gharda Síochána, agus ar an gcaoi a mbreathnaítear ar iarratasóirí i ngach earnáil, beag beann ar a n-aois.”

Ceisteanna ón bPobal Féin ar an tseirbhís Do Chearta

In 2020, phléigh seirbhís Do Chearta an Choimisiúin le 1,732 ceist ón bpobal faoi chúrsaí chearta an duine agus comhionannais.

As na ceisteanna sin:

  • Bhain na trí cheist is mó a chuir imní ar an bpobal faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann le hidirdhealú ar an bhforas míchumais (34%), an foras cúnaimh tithíochta (19%), agus an foras inscne (15%).
  • Bhain na trí cheist is mó a chuir imní ar an bpobal faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta le hidirdhealú i bhfostaíocht agus cuardach post ar an bhforas míchumais (35%), an foras inscne (20%), agus an foras cine (17%).
  • Bhain na trí cheist is mó a chuir imní ar an bpobal faoi chearta an duine le hobair chuibhiúil (16%), COVID-19 (15%), agus ceisteanna a bhain le heaspa dídine agus tithíocht shóisialta (12%).

Taighde ag Tógáil Fianaise le haghaidh Dul Chun Cinn Beartas

Chuir an Coimisiún taighde nua ar fáil chun fianaise a thógáil le haghaidh beartais agus cleachtas monatóireachta ar chomhionannas agus cearta an duine faoina Chlár Taighde ar Chearta an Duine agus an Comhionannas:

  • Hidden Versus Revealed Attitudes: A List Experiment on Support for Minorities in Ireland (Arna fhoilsiú le ESRI)
  • Legal analysis of incorporating into UK law the birthright commitment under the Belfast (Good Friday) Agreement 1998
  • Continuing EU Citizenship “Rights, Opportunities and Benefits” in Northern Ireland after Brexit

Dúshlán an chiníochais a thabhairt in Éirinn

Sheol an Coimisiún feachtas náisiúnta feasachta poiblí chun feasacht a mhéadú ar thionchar an chiníochais faoin mana “Because We’re all Human. Means We’re all Equal”.

Tionchar a Imirt ar Bheartais agus ar Chleachtas

Chuir an Coimisiún moltaí sonracha faoi bhráid an Rialtais agus lucht déanta beartas maidir le:

  • póilíneacht cumhachtaí a bhaineann leis an bpaindéim
  • breathnuithe ar an treoir náisiúnta maidir le tús áite a thabhairt do rochtain ar chúram criticiúil i rith paindéime
  • tionchar Covid-19 ar dhaoine i soláthar díreach
  • an scéim fóirdheontais shealadaigh pá agus mná ar shaoire mháithreachais
  • tionchar Covid-19 ar dhaoine faoi mhíchumas
  • An creat reachtach atá mar bhonn taca faoi fhreagairt an Stáit do Covid-19

Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chur i bhfeidhm

Reáchtáladh seimineár gréasáin i mí Iúil 2020 do na Ranna Rialtais ar fad faoi Dhualgas reachtúil na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chur i bhfeidhm. Foilsíodh dhá threoir treorach do chomhlachtaí poiblí a dhírigh ar COVID-19 agus Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine agus uirlis le haghaidh cur chuige sainchomhairleachta i leith an Dualgas a chur i bhfeidhm.

Monatóireacht ar Chomhlíonadh Oibleagáidí Idirnáisiúnta na hÉireann

Chuir an Coimisiún moltaí faoi bhráid Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus faoi bhráid Chomhairle na hEorpa faoi oibleagáidí idirnáisiúnta na hÉireann maidir le:

  • Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Céasadh
  • Cúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla
  • Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le hIdirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú
  • Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh
  • An Chairt Shóisialach Eorpach

Ról nua mar Rapóirtéir Náisiúnta na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc

I mí Dheireadh Fómhair 2020, ainmníodh an Coimisiún mar Rapóirtéir Náisiúnta Neamhspleách na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc. Mar Rapóirtéir Náisiúnta, déanann an Coimisiún monatóireacht ar fheidhmíocht na hÉireann i gcás oibleagáidí idirnáisiúnta an Stáit.

CRÍOCH/

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach dul i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC

01 8589601 / 087 0697095

bdawson@ihrec.ie

Lean muid ar twitter @_IHREC

Nótaí do na hEagarthóirí:

Tá Tuarascáil Bhliantúil 2020 ar fáil lena híoslódáil anseo.

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainordú reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas in Éirinn a chosaint agus a chur chun cinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát.

Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas institiúid náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aithníonn na Náisiúin Aontaithe é sin. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta na hÉireann um chomhionannas freisin, mar a éilítear faoi dhlí comhionannais an Aontais Eorpaigh.

Foráiltear in Alt 28 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, go n-ullmhódh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ina mbeadh eolas faoi fheidhmíocht fheidhmeanna an Choimisiún i rith thréimhse na tuarascála, agus go gcuirfeadh sé an tuarascáil sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais.