Foilsítear Tuarascáil Bhliantúil 2021 de chuid Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

  • An t-idirdhealú mar gheall ar mhíchumas fós ar an réimse is mó a raibh an pobal i dteagmháil faoi, le 46% den teagmháil a bhain le seirbhísí agus 36% den teagmháil a bhain le fostaíocht ag plé leis an míchumas. Méadú beag ar theagmháil ón bpobal le hais 2020.
  • Rochtain ar chuntais bhainc agus ceadúnais tiomána ar fáil anois do theifigh agus d’iarrthóirí tearmainn.
  • Cumhachtaí méadaithe i ról frithgháinneála an Aontais Eorpaigh agus monatóireacht ar chearta i ndiaidh an Bhreatimeachta.
  • An leibhéal is airde teacht i láthair parlaiminte riamh (10). Moltaí curtha faoi bhráid an Rialtais agus an Oireachtais maidir leis na hÁrais Máithreacha agus Naíonán, an Plean Náisiúnta Frithchiníochais, agus reachtaíocht thábhachtach a rachaidh i bhfeidhm ar chearta agus comhionannais.
  • Áiríodh le cásanna dlí ar éirigh leo dúshláin in aghaidh idirdhealú ar bhonn aoise sa Gharda Síochána agus An Post, idirdhealú ar bhonn míchumais in aghaidh na Seirbhíse Príosúin agus gníomhaire eastáit, agus cúpla cás in aghaidh tiarnaí talún ar bhonn idirdhealú a bhain leis an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP).
  • Taighde nua ar úsáid Chumhachtaí Éigeandála na hÉireann i rith Phaindéim Covid-19, ar Obair Chuibhiúil agus ar sholáthar Tithíochta Dóthanaí.

12 Iúil 2021– D’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas inniu Tuarascáil Bhliantúil 2021 dá chuid atá le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, ag sonrú a sheachtú bliain iomlán ag obair mar chomhlacht náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus comhionannas. Tugtar cuntas sa tuarascáil ar bhliain ina raibh gníomhaíocht agus tionchar suntasach ag an gCoimisiún.

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:

“Leanamarna ag feiceáil sruth seasta d’fhadhbanna ceart agus comhionannais, rud a bhagraíonn dínit an duine aonair, a osclaíonn bealaí idirdhealaithe, agus a chuireann cosc ar chumas agus acmhainneacht daoine.

“Agus muid ag teacht amach as an bpaindéim, tagann na fadhbanna ar cheil sí cuid díobh chun cinn arís. Áirítear leo siúd na fadhbanna seanbhunaithe a bhaineann le heaspa dídine agus soláthar tithíochta, foréigean inscne-bhunaithe, ceisteanna struchtúrtha cúraim, éagóir stairiúil, cearta daoine faoi mhíchumas, agus an chaoi a gcaitear leo siúd a thagann anseo ag lorg tearmainn agus dídine.”

ÁIRÍTEAR LE BUAICPHOINTÍ THUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2021:

Ceisteanna ón bPobal Féin ar an tseirbhís Do Chearta

Fuaireamar 1,811 ceist ar leith freisin, i gcomparáid le 1,732 an bhliain roimhe sin. As na ceisteanna a fuaireamar ón bpobal:

  • Bhain na trí cheist is mó a chuir imní ar an bpobal faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann le hidirdhealú ar an bhforas míchumais (46%), an foras cúnaimh tithíochta (16%), agus an foras inscne (13%).
  • Bhain na trí cheist is mó a chuir imní ar an bpobal faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta le hidirdhealú i bhfostaíocht agus cuardach post ar an bhforas míchumais (34%), an foras inscne (25%), agus an foras cine (14%).
  • Bhain na trí cheist is mó a chuir imní ar an bpobal faoi chearta an duine leis an tsláinte agus sláine colainne (28%), an ceart chun oibre agus obair chuibhiúil (14%), agus Iarrthóirí tearmainn/Gáinneáil ar dhaoine/Imirce/Athaontú Teaghlaigh/Ceart Fanachta/Saoirse Gluaiseachta (14%).
  • Sheolamar an rannóg athfhorbartha ‘Do Chearta’ ar ár suíomh gréasáin (ihrec.ie/your-rights/), agus tá sé níos éasca anois ar an bpobal teacht ar fhaisnéis faoi dhul i ngleic leis an idirdhealú. Is é sin an rannóg ar leith is mó a dtugtar cuairt air ar ár suíomh gréasáin, agus thart ar 21% de gach amharc leathanaigh i gceist leis.

 Áiríodh leis na hidirghabhálacha dlí:

  • I gcás daoine atá ag lorg tearmainn agus cosaint idirnáisiúnta, baineadh dhá chonstaic mhóra a chuir bac ar rochtain ar an obair – a bheith in ann cuntais bhainc a oscailt, rud a cinntíodh i mí na Bealtaine, agus cur isteach ar cheadúnais tiomána, rud a cinntíodh i mí na Nollag.
  • D’úsáideamar ár gcumhachtaí dlíthiúla go forleathan, ina measc chun cur leis na Cúirteanna in agóid Mary Harney agus Philomena Lee in aghaidh Thuarascáil Chríochnaitheach Choimisiún Imscrúdúcháin na nÁras Máithreacha agus Naíonán, agóid ar éirigh léi.
  • Chuireamar 33 Athbhreithniú Comhionannais i gcrích, an líon ba mhó fós, lena n-áirítear 31 le gach údarás áitiúil sa tír faoi sholáthar Cóiríochta don Lucht Siúil go Sonrach.

Fás ar an gCoimisiún

  • Thosaíomar ár ról nua mar Rapóirtéir Neamhspleách na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc faoi dhlí an Aontais Eorpaigh.
  • Cuireadh tús leis an obair mar an Sásra Tiomnaithe nua le comhlachtaí Thuaisceart Éireann um chomhionannas agus cearta chun dul i ngleic le ceisteanna uile-oileáin maidir le cearta agus comhionannas a eascraíonn as an mBreatimeacht.
  • Méadú bliain ar bhliain ar an bhfoireann go 72 ó 62.

Taighde ar Fhianaise le haghaidh Dul Chun Cinn Beartas

  • Chuireamar taighde nua ar fáil le TCD maidir le Cumhachtaí Éigeandála na hÉireann i rith Phaindéim COVID-19, chomh maith le dhá thuarascáil taighde a foilsíodh i gcomhar leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) inar díríodh ar sholáthar oibre cuibhiúla agus rochtain ar thithíocht dhóthanach.
  • Cuireadh maoiniú €350,000 ar fáil sa séú bliain de Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais dár gcuid do 28 tionscadal ar fud na tíre.

Dúshlán an Chiníochais a thabhairt trí fheasacht phoiblí

  • Rinneamar dul chun cinn ar ár n-obair feasachta poiblí lenár bhfeachtas “All Human All Equal” #AllAgainstRacism, agus chuireamar tús le comhpháirtíocht shuntasach leis an iris Hot Press chun dearcthaí 100 duine clúiteach a roinnt agus iad ag plé an chiníochais, ina measc Bob Geldof, Denise Chaila, Sinéad O’Connor agus an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn.

Tionchar a Imirt ar Bheartais agus ar Chleachtas

  • Thángamar i láthair na parlaiminte deich n-uaire san Oireachtas agus i dTionól Thuaisceart Éireann, mar a phléamar raon leathan topaicí, ina measc sábháilteacht ar líne, soláthar díreach, na hÁrais Máithreacha agus Naíonán, cearta trasteorann i ndiaidh an Bhreatimeachta, soláthar cóiríochta don Lucht Siúil, agus cearta míchumais.

CRÍOCH/

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, An Ceannasaí Rannpháirtíochta Straitéisí in IHREC

01 8589601 / 087 0697095

bdawson@ihrec.ie

Lean muid ar twitter @_IHREC

Nótaí chuig na hEagarthóirí:

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil lena híoslódáil anseo i mBéarla.

Tá an leagan Gaeilge den tuarascáil bhliantúil ar fáil anseo.

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr measa ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a thógáil sa Stát.

Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta na hÉireann um chomhionannas freisin, mar a éilítear faoi dhlí comhionannais an Aontais Eorpaigh.

Foráiltear in alt 28 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a ullmhú ina bhfuil eolas faoi fheidhmíocht fheidhmeanna an Choimisiúin i rith thréimhse na tuarascála, agus í a chur faoi bhráid Thithe na Oireachtais.