Seoladh dhá Chód Cleachtais reachtúla nua a d’fhorbair Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) chun cabhrú le deireadh a chur le neamhionannas pá agus dul i ngleic le ciapadh agus gnéaschiapadh san ionad oibre.
Leagtar amach sna Cóid nua sin, a foilsíodh seachtain Lá Idirnáisiúnta na mBan, na nósanna imeachta agus na céimeanna a chinnteoidh go bhfaigheann fostaithe pá comhionann ar an gcineál céanna oibre in ionaid oibre na hÉireann, agus nach bhfulaingíonn siad ciapadh ná gnéaschiapadh trína bhfostaíocht.
D’fhorbair agus d’fhoilsigh an Coimisiún na Cóid sin i ndiaidh comhairliúcháin, agus mar fhreagra ar imní atá ag fás faoi na ceisteanna sin, a mbíonn an tionchar is mó acu ar mhná, ach a théann i bhfeidhm freisin ar dhaoine faoi na forais chomhionannais.
Sa Chód Cleachtais maidir le Pá Comhionann, tugtar treoir phraiticiúil d’fhostóirí, ceardchumainn agus fostaithe faoin gceart chun pá comhionann, an chaoi le deireadh a chur le neamhionannas pá, agus an chaoi le díospóidí pá a réiteach. Leagtar amach sa Chód Cleachtais i leith Gnéaschiapadh agus Ciapadh ag an Obair a bhfuil i gceist le gnéaschiapadh agus ciapadh a bhaineann leis an bhfostaíocht, an chaoi lena chosc, agus na céimeanna riachtanacha chun a chinntiú go bhfuil eagraíochtaí réidh le dul i ngleic leis, agus é a chosc amach anseo.
Tá an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman T.D., tar éis Ionstraim Reachtúil nua a chur síos, agus tá na Cóid nua inghlactha go dlíthiúil mar fhianaise in imeachtaí os comhair na gcúirteanna, an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre agus na Cúirte Oibreachais.
I gcás an Chóid Cleachtais maidir le Pá Comhionann –
- Foráiltear le haghaidh naoi bhforas cosanta faoi dhlí comhionannais na hÉireann agus ní fhéadfar níos lú a íoc le duine ar a mbonn siúd. Is iad sin: inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, aois, míchumas, claonadh gnéasach, cine, reiligiún agus comhaltas den Lucht Siúil.
- Fostaí atá ag tabhairt faoi obair atá mar an gcéanna, cosúil nó ar comhluach le hobair duine eile a fhostaíonn an fostóir céanna, agus a bhfuil difríocht eatarthu ar cheann amháin nó níos mó de na naoi bhforas chosanta, tá sé de cheart ag an bhfostaí sin an pá céanna a fháil.
- Tugtar treoir sa Chód chun cabhrú le fostóirí neamhionannas pá a aithint agus deireadh a chur leis, lena n-áirítear an chaoi le tabhairt faoi athbhreithniú pá a chuimsíonn samhail meastóireachta poist atá stuama agus oibiachtúil.
- Áirítear leis na tairbhí a bhaineann fostóirí as cothromas pá costais dhlíthiúla a sheachaint, coinneáil foirne a chur chun cinn, meanma agus táirgiúlacht a mhéadú. Leagtar amach sa Chód an chaoi ar cheart do dhuine a cheapann nach bhfuil siad ag fáil pá comhionann ar an gcineál céanna oibre é sin a tharraingt anuas go hinmheánach ar dtús, sula dtéitear ar aghaidh más gá chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre nó na Cúirteanna.
Eisítear na Cóid seo toisc gur tugadh níos mó cumhachtaí dlíthiúla don Choimisiún freisin chun dul i ngleic le bearnaí pá idir na hinscní in eagraíochtaí tríd an Acht um Fhaisnéis faoin Difríocht Pá idir na hInscní, 2021. Shínigh an tUachtarán an t-acht ina dhlí i mí Iúil 2021, ach níor tionscnaíodh fós é, agus éileofar leis ar eagraíochtaí ag a bhfuil os cionn 250 fostaí faisnéis a thuairisciú agus a fhoilsiú a bhaineann lena mbearna phá idir na hinscní, agus, sa chás a bhfuil bearna ann, míniú a thabhairt ar an gcúis a bhfuil an bhearna sin ann agus cé na bearta atá ar bun chun an bhearna a laghdú. Meastar go gcuirfear tús le tuairisciú na n-eagraíochtaí i mbliana.
I gcás an Chóid Cleachtais i leith Gnéaschiapadh agus Ciapadh –
- Is ionann gnéaschiapadh agus iompar gnéasach neamh-inmhianaithe, nó aon iompar eile bunaithe ar ghnéas a imríonn tionchar ar dhínit ban agus fear ag an obair. Is ionann ciapadh agus aon chineál iompair neamh-inmhianaithe a bhaineann le ceann ar bith de na forais thoirmiscthe a sháraíonn dínit duine agus a chruthaíonn timpeallacht bhagrach, mhaslach, náireach nó ghránna dóibh.
- Tarraingíonn an Cód aird ar an gcaoi a mbíonn daoine in obair neamhchinnte agus oibrithe nua, lena n-áirítear oibrithe imirce, i mbaol faoi leith gnéaschiaptha agus ciaptha. Leagtar amach ann beartais agus nósanna imeachta a bhunaíonn timpeallachtaí oibre atá saor ó chiapadh agus ina bhfuil meas ar dhínit gach duine.
Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:
“Ní mór do na Cóid Chleachtais seo a fhoilsítear inniu fostóirí, ceardchumainn agus fostaithe a threorú agus iad ag cruthú áiteanna oibre atá sábháilte, agus ar áiteanna comhionanna le hoibriú iontu iad freisin.
“Níl glacadh i gcás ar bith le ciapadh ná gnéaschiapadh ag an obair. Sáraíonn sé dínit an duine, chomh maith le timpeallacht bhagrach, mhaslach agus náireach a chruthú.
“Cé nach mbíonn gach bearna phá bunaithe ar inscne, tá sé tábhachtach thart ar Lá Idirnáisiúnta na mBan aird a tharraingt ar phá neamhionann le haghaidh ban go háirithe ina bhfágtar go bhfuil obair agus ionchuir na mban á meas faoina luach, go ndéantar beag is fiú díobh agus go dtugtar neamhaird orthu.
“Tugadh cumhachtaí nua dlíthiúla dúinn chun tabhairt faoi bhearnaí pá millteanacha idir na hinscní, agus táimid i mbun machnaimh anois ar an gcaoi a bhféadfaimid leas a bhaint as na cumhachtaí nua dlíthiúla sin chun athrú buan agus seasta a chruthú chun deireadh a chur le neamhionannas pá.”
Dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman:
“Is mian liom buíochas a ghabháil le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas as a n-obair ar fhorbairt na gCód Cleachtais seo, a neartóidh na cosaintí atá ar fáil d’fhostaithe ar fud na tíre agus a thabharfaidh na huirlisí agus an spreagadh d’fhostóirí chun beartais a chur i bhfeidhm atá sofhreagrúil do riachtanais a bhfostaithe. Is gné thábhachtach de ról IHREC í forbairt na gCód Cleachtais chun comhionannas a chur chun cinn in Éirinn.
“Cé nach ceist é seo a bhaineann le cúrsaí inscne go hiomlán, is tráthúil go bhfuil na bearta seo chun dul i ngleic leis an mbearna phá, agus ciapadh agus gnéaschiapadh á dtabhairt isteach seachtain Lá Idirnáisiúnta na mBan, ós rud é go bhféadfadh tionchar díréireach a bheith ag na ceisteanna seo ar oibrithe mná an lucht saothair. Fáiltítear roimh na Cóid Chleachtais nua seo sa tsraith beart reachtaíochta agus beartais a tugadh isteach le blianta beaga anuas chun dul chun cinn a dhéanamh ar chomhionannas inscne.
“Tá sé riachtanach go leanaimid ar aghaidh ag cur beartais i bhfeidhm a chothaíonn timpeallachtaí oibre sábháilte agus ionchuimsitheach, agus ina gcuirtear chun cinn cóir chothrom fhéaráilte na bhfostaithe ar fad.”
CRÍOCH/
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,
01 8589601 / 087 0697095
Lean muid ar twitter @_IHREC