Tá an Coimisiún faoi réir na Rialachán maidir le Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid, 2005 (I.R. Uimh 279 de 2005). Tá na rialacháin ar fáil ar http://www.psi.gov.ie.
Féadfar eolas ar an suíomh gréasáin seo a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce gan iarratas, seachas i gcás na n-eisceachtaí seo a leanas:
Is dóchúil go mbeadh cearta maoine intleachtúla i gceist le haon ábhar a chuireann tríú páirtí ar fáil, naisc chuig suíomh gréasáin eile ón suíomh seo san áireamh. Caithfear cead cóipeála nó úsáide d’aon ábhar dá leithéid a fháil ó shealbhóir an chirt maoine intleachtúla.
Tabhair faoi deara nach féidir eolas ná cáipéisí a fhaightear ón suíomh gréasán seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid ach faoi réir an cheadúnais PSI is deireanaí, atá ar fáil ar http://www.psi.gov.ie.
I gcás sonraí eile ar leis an gCoimisiún iad agus nach bhfuil ar fáil mar a leagtar amach thuas, féadfar iarratas i scríbhinn a dhéanamh orthu le:
Lavinia Tallon
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
16-22 Sráid na Faiche, Baile Átha Cliath 7.
Ríomhphost: info@ihrec.ie
Caithfear iarratas a dhéanamh ar cháipéisí a eisiúint le haghaidh athúsáide, agus caithfear a shonrú go soiléir ann gur iarratas ar fhaisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid atá i gceist. Pléitear aicmí sonraí/taifead a choinníonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas sa Lámhleabhar um Shaoráil Faisnéise – Alt 15 de chuid an Choimisiúin.
Cuirfimid sonraí a chlúdaítear sna Rialacháin ar fáil i bhformáid nó teanga atá ann cheana féin, agus mar sin amháin.
Chomh maith leis na sonraí a chosnaítear le cearta maoine intleachtúla, ní fhoráiltear sna Rialacháin d’eisiúint sonraí ná eolas pearsanta a chosnaítear faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ní cheadaíonn na Rialacháin eisiúint eolais ar bhealach a bhfuil cosc air le dlí.
Chun níos mó eolais a fháil faoin eolas a choinníonn an Coimisiún a athúsáid, téigh i dteagmháil le: Oifigeach Faisnéise na Seirbhíse Poiblí
Ní leagtar aon oibleagáid orainn leis na Rialacháin cáipéisí a eisiúint le haghaidh athúsáide. Mar sin féin, beidh aon eolas a eisítear faoi réir théarmaí agus choinníollacha cheadúnas Fhaisnéis na Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ar http://www.psi.gov.ie.
Nílimid dlite as aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann le hathúsáid eolais agus ní dheimhnímid go bhfuil an t-eolas cothrom le dáta ná nach bhfuil botún ann. Ní údaraímid go mbeadh cearta eisiacha ag aon úsáideoir ar athúsáid an eolais.
Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Beidh na táillí seo a leanas i bhfeidhm:
Déanfar athbhreithniú tráthrialta ar na táillí sin. Tabharfar sonraí na dtáillí don iarratasóir sula n-eisítear an t-eolas.