Rialaigh an Chúirt Uachtarach an tseachtain seo nach raibh páiste a rugadh sa Ríocht Aontaithe trí shocrú máthairionadaíochta i dteideal saoránacht Éireannach bunaithe ar shaoránacht Éireannach a athar neamhbhitheolaíoch.
Scrúdaigh an cás, inar ghníomhaigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) mar Amicus Curiae (“cara na cúirte”), saoránacht páiste (ar a dtugtar ‘C’) a rugadh trí mháthairionadaíocht sa Ríocht Aontaithe in 2015.
Nuair a rugadh an páiste, taifeadadh a mháthair ionaid agus a athair bitheolaíoch (ar a dtugtar ‘B’), ar a theastas breithe mar a thuismitheoirí. Eisíodh ordú tuismitheoireachta ina dhiaidh sin faoi dhlí Shasana, a d’athshann tuismitheoireacht an pháiste dá athair bitheolaíoch, B, agus a thuismitheoir beartaithe (ar a dtugtar ‘A’). Atheisíodh teastas breithe an pháiste ansin chun a thuismitheoireacht athshannta dá bheirt aithreacha a léiriú.
Go luath in 2017, chuir an tuismitheoir Éireannach, A, isteach ar phas Éireannach dá mhac, C. Ní dhearna údaráis na hÉireann cinneadh pas a bhronnadh ar an bpáiste, ach thug siad le fios nár ghlac siad leis faoi dhlí na hÉireann go raibh a thuismitheoir neamhbhitheolaíoch, A, ina thuismitheoir aige nuair a rugadh é. Mhaígh siad nach rabhthas in ann dá bhrí sin glacadh leis an bpáiste mar shaoránach Éireannach de bhun Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 (Acht 1956).
Chinn an Ard-Chúirt go raibh an páiste i dteideal na saoránachta Éireannaí, ach d’éirigh le hiarratas an Aire ansin ar achomharc cliobógach sa Chúirt Uachtarach.
Sa rialú an tseachtain seo, sheas an Chúirt Uachtarach le hachomharc an Stáit in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte. Chinn an Chúirt gur bhain “tuismitheoir” dá dtagraítear in Acht 1956 le hathair géiniteach an pháiste agus an mháthair bhreithe. Chinn an Chúirt mar sin “go drogallach” go gcaithfí stádas dlíthiúil saoránachta a dhiúltú do C. Ní dhearna an Chúirt aon chinneadh i leith bhunreachtúlacht na forála ná a neamhréiteachta le CECD ar an mbonn, cé gur tharraing an Amicus anuas iad, nár pléadáladh ceachtar díobh sa chás.
Rinne an Chúirt tagairt freisin d’ionchur IHREC, a thugamar agus muid ag gníomhú mar Amicus Curiae.
Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:
“Tarraingíonn cinneadh na Cúirte Uachtaraí an tseachtain seo aird ar na ceisteanna dlí agus beartais atá thar a bheith casta a bhaineann le máthairionadaíocht. Mar a luadh sa chás seo, tagann an dlí reatha faoi shaoránacht ó am nach bhféadfaí máthairionadaíocht a bhaint amach sa leigheas.
Ach caithfimid cuimhneamh go bhfuil daoine agus teaghlaigh ag croí na gcásanna seo, agus go bhfuil an chosaint is fearr is féidir leis an Stát a thabhairt dóibh faoin dlí tuillte acu.”
CRÍOCH/