Dúirt Rapóirtéir Náisiúnta na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (an Coimisiún), le Comhairle na hEorpa go bhfuil géarghá le Sásra Náisiúnta Atreorúcháin mar a gealladh ó na daoine a fhulaingíonn tionchair na gáinneála in Éirinn chun tús a chur leis an obair chun iad a shainaithint, iad a scaoileadh ón dúshaothrú, cabhrú leo dul i ngleic lena dtráma agus an dlí a chur ar a ngáinneálaithe.
Tá an moladh sin ar cheann de na moltaí i dtuarascáil mhionsonraithe, a fhoilsítear inniu, ar chomhlíonadh na hÉireann i gcás Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine.
Leagtar amach sa tuarascáil, a fhoilsítear ar Lá Bliantúil Frithgháinneála Daoine an Aontais Eorpaigh, cé go bhfuil roinnt dul chun cinn dearfach le feiceáil, ina measc an chéad ionchúiseamh in Éirinn as ciontaí gáinneála i mí an Mheithimh, gur beag an seans fós go sainaithneofar íospartaigh na gáinneála, nach bhfuil tacaíochtaí ar fáil dóibh, agus go bhfágtar i mbaol tuilleadh mí-úsáide iad go minic.
Caithfear dul chun cinn a dhéanamh in 2021 ar an Sásra Náisiúnta Atreorúcháin, a d’fhaomh an Chomh-Aireacht i mí na Bealtaine. Tugann an Sásra bealach don Stát agus don tsochaí shibhialta comhoibriú, faisnéis a chomhroinnt faoi íospartaigh fhéideartha, na híospartaigh sin a shainaithint, agus éascaíocht a dhéanamh dá bhfáil ar chomhairle, cóiríocht agus tacaíocht. I ndiaidh a bhunaithe, deir an Coimisiún go gcaithfear an Sásra a chur i bhfeidhm i gcás gach íospartaigh a síltear a ndearnadh gáinneáil orthu, beag beann ar a náisiúntacht agus a stádas imirce. Is comhpháirt riachtanach é de phrionsabal an neamh-phionóis ba cheart a bheith mar bhonn faoi fhreagairt na hÉireann do gháinneáil ar dhaoine.
Tugann an Coimisiún rabhadh go dteastaíonn athrú ó bhonn go práinneach ar chóiríocht le haghaidh íospartaigh na gáinneála agus nach féidir caitheamh léi mar cheist thánaisteach sa phróiseas a bhaineann le córas an tSoláthair Dhírigh a dhúnadh de réir a chéile. Tá práinn faoi leith ag baint leis an moill ar sholáthar dídine speisialta le haghaidh íospartaigh na gáinneála i ngeall ar an bhfianaise ar fad faoi nádúr inscne-shonrach na gáinneála go hÉirinn.
Beidh an Grúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht i gcoinne Gáinneála ar Dhaoine (GRETA) de chuid Chomhairle na hEorpa ag taisteal go hÉirinn níos deireanaí i mbliana le haghaidh cruinnithe mionsonraithe faoin gcaoi a bhfuil an Stát ag freagairt don ghá atá le dul i ngleic le gáinneáil ar dhaoine, agus buailfidh siad leis an gCoimisiún.
Luaitear sa tuarascáil go bhfuil Éire fós ar cheann den dá Stát AE (Éire agus an Rómáin) ar Liosta Faire Shraith 2 ó Roinn Stáit SAM le haghaidh gníomhaíochta ar gháinneáil.
Sonraítear sa tuarascáil go gcaithfidh Éire tuilleadh dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar:
- Plean Gnímh Náisiúnta nua chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chosc agus a Chomhrac le spriocanna inghnóthaithe intomhaiste chun tógáil ar an gceann a forbraíodh in 2016.
- Íospartaigh páistí na gáinneála a shainaithint le Plean Gnímh Náisiúnta athnuaite, agus le hacmhainní breise le haghaidh TUSLA chun a oibleagáidí a chomhlíonadh.
- Aghaidh a thabhairt ar an éileamh a chothaíonn gáinneáil le haghaidh dúshaothrú saothair anuas ar na bearta a tógadh cheana féin chun éileamh ar gháinneáil chun tabhairt faoi dhúshaothrú gnéis a dhíspreagadh.
- Comhordú ar straitéisí Rialtais a bhaineann le foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe agus ar dhul i ngleic le ciníochas le Plean Gnímh Náisiúnta chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chosc agus a Chomhrac.
- Cóiríocht a chur ar fáil d’íospartaigh na gáinneála ina gcóiríocht inscne-shonrach féin le rochtain láithreach ar sheirbhísí tacaíochta, ach ní i gcóiríocht Soláthair Dhírigh.
- Sonraí níos fearr a fháil faoin ngáinneáil – níl cáilíocht na sonraí faoin ngáinneáil atá ar fáil sách maith agus caithfear iad a fheabhsú, chun a chur ar chumas Rapóirtéir Náisiúnta na hÉireann a ról a dhéanamh go héifeachtach.
Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:
“Cé go bhfuil sé tábhachtach a admháil go bhfuil céimeanna dearfacha ar bun, is léir go bhfuil Éire ag tosú ó bhonn íseal chun dul i ngleic le gáinneáil ar dhaoine agus, mar thír, go bhfuil aistear fada amach romhainn.
“Tá gáinneáil in Éirinn fós ina coir fhorleathan. Is minic a mbíonn a híospartaigh faoi cheilt ach níor cheart go mbeidís anaithnid. Is iníonacha iad, mic, tuismitheoirí agus seantuismitheoirí. Is daoine iad a ndearna dúshaothrú orthu nuair nach raibh uathu ach saol níos fearr dóibh féin agus dá dteaghlaigh. Tá sé de dhualgas orainn cur chuige agus córas a chur ar fáil dóibh a fheiceann iad, a shaorann iad agus a thairgeann sábháilteacht dóibh.
“Inár ról neamhspleách mar Rapóirtéir Náisiúnta, rinneamar ár moltaí le haghaidh bearta agus cinntí sonracha is féidir leis an Stát a dhéanamh chun íospartaigh a shainaithint agus chun tacú leo, agus chun teachtaireacht shoiléir a thabhairt nach nglacfar beag ná mór le gáinneáil ar dhaoine de shaghas ar bith.”
CRÍOCH/
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,
01 8589601 / 087 0697095
Lean muid ar twitter @_IHREC