Cearta Cóiríochta don Lucht Siúil á bPlé i gCás sa Chúirt Uachtarach

Dheonaigh an Chúirt Uachtarach cead inniu do Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) leas a bhaint as a fheidhm amicus curiae (‘cara na cúirte’) i gcás díshealbhaithe teaghlaigh den Lucht Siúil i gContae an Chláir.

Tá cás Bernard McDonagh agus Helen McDonagh v. Chomhairle Contae an Chláir á éisteacht ag an gCúirt Uachtarach toisc go bhfuil tábhacht shuntasach phoiblí ag baint leis agus go bhféadfadh impleachtaí leathana a bheith aige.

Chónaigh muintir McDonagh mar thionóntaí na Comhairle ar feadh cúpla bliain i bhforbairt bheag tithíochta don Lucht Siúil go sonrach. I ndiaidh do thine a n-áit chónaithe a scriosadh, chónaigh siad i dtithíocht phríobháideach ar feadh cúpla bliain, ach b’éigean dóibh an chóiríocht ar cíos a fhágáil nuair a theastaigh seilbh na cóiríochta ón tiarna talún chun í a athchóiriú.

D’aistrigh siad chuig an láithreán atá i lár an cháis seo ina dhiaidh sin. Mhaígh Comhairle Contae an Chláir gurbh ionann a n-áitíocht ar an talamh agus forbairt gan chead faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Dheonaigh an Ard-Chúirt na horduithe idirbhreitheacha a dhíshealbhaigh na hachomharcóirí ón talamh agus sheas an Chúirt Achomhairc leis na horduithe sin. Dheonaigh an Chúirt Uachtarach bac ar na horduithe sin.

Tá muintir McDonagh ag lorg cóiríocht don Lucht Siúil go sonrach agus dhiúltaigh siad do thairiscintí gnáthchóiríochta ón údarás áitiúil nach bhfuil oiriúnach dóibh.

Díríonn an cás ar cibé an gá d’údarás áitiúil, ar nós Chomhairle Contae an Chláir, tabhairt faoi mheasúnú comhréireachta sonrach roimh dhíshealbhú ó thalamh nach bhfuil á háitiú go dleathach, agus cén ról ba cheart a bheith ag na Cúirteanna ina leith.

Le blianta beaga anuas, tá an Coimisiún ag plé go gníomhach le cearta an Lucht Siúil do chóiríocht atá oiriúnach dá gcultúr, agus d’úsáid sé a chumhachtaí dlíthiúla chun tabhairt faoi Athbhreithnithe Comhionannais le gach údarás áitiúil sa Stát ar sholáthar cóiríochta don Lucht Siúil go sonrach.

 

Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:

“Tá ceist sholáthar na cóiríochta don Lucht Siúil go sonrach ar cheann de na ceisteanna ceart is achrannaí sa Stát.

“Tá an Coimisiún ag úsáid ár bhfeidhme amicus curiae sa chás seo chun féachaint leis na ceisteanna sonracha a bhaineann le cearta an duine agus comhionannas a thabhairt chun cinn, chun leasa na Cúirte.”

CRÍOCH/

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,

01 8589601 / 087 0697095

bdawson@ihrec.ie

Lean muid ar twitter @_IHREC