Ní bhainfimid comhionannas inscne amach go dtí go n-aithnímid tábhacht an chúraim, a phléifear ag comhdháil de chuid an Choimisiúin

Ní féidir aghaidh a thabhairt ar neamhionannas leanúnach idir mná agus fir gan tuiscint ar an tábhacht a bhaineann le cúram. Sin é an phríomhtheachtaireacht ó chomhdháil atá á reáchtáil i bPáirc an Chrócaigh inniu ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) dar teideal “Achieving Gender Equality At Work Care Policy and Practice”.

Díreofar ar an gcaoi le comhionannas inscne a bhaint amach ag an obair, agus tarraingeofar aird sa chomhdháil ar an bhfíoras go bhfuil an chaoi a gcaithimid, mar shochaí, le cúram lárnach sa phlé sin.

Bíonn mná i mbun i bhfad níos mó cúraim agus obair chúraim, idir íoctha agus neamhíoctha, ná fir, agus tá baint shuntasach aige sin le stádas geilleagrach níos ísle na mban. Ar an meán, íoctar níos lú le mná ná fir, agus bíonn siad faoi ghannionadaíocht ollmhór i bpoist shinsearacha chinnteoireachta. Ní bhíonn an margadh saothair agus go leor ionaid oibre ag freastal fós ar mhná agus ar theaghlaigh atá ag iarraidh a bheith ag obair chomh maith le cúraimí teaghlaigh a chomhlíonadh.

Theip ar ár mbeartais obair chúraim a dhéanamh infheicthe, luach a chur uirthi agus tacú léi, rud a mbíonn tionchar aige ar gach bean, ach, ach oiread le gach rud eile, bíonn tionchar díréireach ar mhná agus teaghlaigh imeallaithe.

Tá guthanna agus taithí ban imirceach, nó ban den Lucht Siúil, tuismitheoirí aonair agus ban faoi mhíchumas, go háirithe, tábhachtach sa chomhdháil seo.

Is féidir agus ní mór d’Éirinn caidreamh nua a aimsiú idir róil fostaíochta íoctha, cúraim agus inscne, agus bearta mar bhonn faoi chun tacú le tuismitheoirí fostaithe agus cúramóirí eile; léireofar ag an gComhdháil an méid is féidir linn a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh ar na réitigh ar chomhionannas idir mná agus fir inár sochaí, san fhórsa saothair, inár n-ionaid oibre ar leith.

Dúirt Sinéad Gibney, an Príomh-Choimisinéir:

“Cé gur cinneadh an-phearsanta é – a dhéantar ag bord na cistine go minic le háireamhán agus duillín pá, nó mar iarmhairt ar imeacht mór saoil – tá an chaoi a dtugtar faoi chúram inár sochaí ina cheist beartais phoiblí thar a bheith casta, leathan agus an-suntasach, le himpleachtaí don tsochaí, don gheilleagar, agus d’fhostóirí agus ionaid oibre.

“Teastaíonn uainn machnamh a dhéanamh ar an gcastacht sin agus ar na cineálacha difriúla freagartha beartais a theastaíonn chun comhionannas a bhaint amach idir mná agus fir, ag aithint go bhfuil go leor páirtithe leasmhara difriúla agus tábhachtacha ann a gcuirfidh a ngníomhartha, i gcomhpháirt, le hathrú struchtúrtha.”

Tá clár iomlán na comhdhála le feiceáil anseo: https://www.ihrec.ie/app/uploads/2022/11/IHREC-Equality-at-Work_Programme_FINAL.pdf

CRÍOCH/

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,

01 852 9641 / 087 468 7760

sarah.clarkin@ihrec.ie

Lean muid ar twitter @_IHREC

Nóta Eagarthóra

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát.