An féidir linn cabhrú leat?
Soláthraítear eolas maidir le do chearta agus na réitigh atá ar fáil duit faoin dlí um chomhionannas agus faoin dlí um chearta an duine in Éirinn.
Áirítear sa tseirbhís seo eolas a sholáthar a bhaineann le:
- Idirdhealú san áit oibre
- Idirdhealú maidir le hearraí agus le seirbhísí
- Idirdhealú maidir le hoideachas
- Cosaintí ar chearta an duine a thagann faoi dhlí na hÉireann
Tabhair faoi deara faoin tseirbhís ‘Your Rights’ nach gcuirtear na seirbhísí seo ar fáil:
- Eolas a sholáthar ar nithe nach gcuimsítear faoin dlí um chomhionannas nó faoin dlí um chearta an duine
- Eolas a sholáthar i dtaca le ceisteanna um chearta an duine nó um chomhionannas a tharlaíonn lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.
- Comhairle dlí nó cúnamh dlí a sholáthar.
Déan teagmháil linn
Glactar le glaonna ó Luan go hAoine, 9am go 1pm agus 2pm go 5pm.
01 858 3000 nó Íosghlao: 1890 245 545
Nó is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig cearta@ihrec.ie
Nó, is féidir leat scríobh chugainn:
Your Rights (Do Chearta),
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas,
16 – 22 Sráid na Faiche,
Baile Átha Cliath 7,
D07 CR20
Tá tuilleadh eolais faoi do chearta ar fáil ag: https://www.ihrec.ie/ga/your-rights/
*Braitheann na rátaí a ghearrtar ar ghlaonna chuig uimhreacha 1890 (Íosghlao) ar do sholáthraí seirbhíse. Moltar duit úsáid a bhaint as line thalún chun glaoch ar an uimhir seo toisc gur féidir go mbeadh costas ard ar ghlaoch ó fhón póca.