Leithcheal san áit oibre

Céard is leithcheal san áit oibre ann?

Is sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015, (‘na hAchtanna’) a dhéileáiltear le leithcheal san áit oibre. Is é aidhm na nAchtanna a chinntiú go mbíonn comhdheiseanna ag daoine maidir le scileanna, oiliúint, poist agus arduithe céime.

Tarlaíonn leithcheal san áit oibre nuair nach gcaitheann fostóir, comhghleacaí, nó cuideachta ina bhfuil tú ag cur isteach ar phost, chomh fabhrach leatsa is a chaitheann siad le daoine eile mar gheall ar an gcineál duine atá ionat.

Cuireann na hAchtanna cosc ar chineálacha éagsúla leithcheala faoi naoi gcinn d’fhorais shainiúla.  Ar an ábhar sin, níl cosc ar gach cineál leithcheala faoi na hAchtanna.

Baineann na hAchtanna le go leor cineálacha daoine agus eagraíochtaí, lena n-áirítear iad seo a leanas mar shampla:

  • oibrithe lánaimseartha, páirtaimseartha agus sealadacha
  • daoine atá ag obair san earnáil phoiblí nó do chuideachtaí príobháideacha
  • eagraíochtaí a sholáthraíonn oiliúint do scileanna poist (lena n-áirítear gairmoiliúint, mar shampla)
  • gníomhaireachtaí fostaíochta
  • ceardchumainn
  • comhlachtaí gairme agus ceirde
  • conraitheoirí féinfhostaithe, comhpháirtithe i gcomhpháirtíochtaí agus sealbhóirí oifige in eagraíochtaí Stáit agus in údaráis áitiúla.

Ní chuimsítear oibrithe deonacha faoi na hAchtanna, áfach.

Cuimsíonn na hAchtanna go leor gnéithe de chúrsaí oibre agus de phoist, lena n-áirítear iad seo a leanas mar shampla:

  • fógraí poist
  • pá comhionann
  • earcaíocht
  • oiliúint
  • taithí oibre
  • conarthaí, téarmaí agus coinníollacha
  • ardú céime agus athghrádú
  • do phost a chailliúint (dífhostú)
  • comhaontuithe comhchoiteanna (comhaontuithe idir fostóir agus ceardchumann maidir le pá nó dálaí fostaíochta).