Sula ndéanann tú a gearán faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta

Sula ndéanann tú a gearán faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta: an fhaisnéis go léir a fháil agus na teorainneacha ama a sheiceáil

Faisnéis a fháil

B’fhéidir go mbeidh ort faisnéis a lorg ó d’fhostóir, nó má bhaineann do ghearán le próiseas earcaíochta, ó d’fhostóir nó ón gcuideachta ar chuir tú isteach uirthi.  Bíonn feidhm aige sin fiú má cheapann tú gur chomhghleacaí oibre nó custaiméir a rinne leithcheal ort.  Bíonn an fostóir fós freagrach sna cásanna sin.

Mar shampla, b'fhéidir gur mhaith leat sonraí faoi scálaí pá a iarraidh, nó figiúirí a fháil faoi inscne nó náisiúntacht na bhfostaithe.  Ní gá duit tuilleadh eolais a iarraidh ó d'fhostóir mura mbíonn fonn ort é sin a dhéanamh.

Ní gá do d’fhostóir faisnéis faoi rún a thabhairt duit.  Go deimhin, ní gá freagra ar bith a thabhairt ort. Mura dtugtar freagra ort agus má dhéanann tú gearán faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, d’fhéadfadh an té atá ag imscrúdú do ghearáin (oifigeach breithniúcháin) a mheas gur rud tromchúiseach é sin.

Teorainn ama

Tá teorainneacha dochta ama leagtha síos sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta maidir le gearán a dhéanamh leis an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ní mór duit do ghearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Ionad Oibre tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh an eachtra idirdhealaithe dheireanach.  Is féidir leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Ionad Oibre síneadh go 12 mí a chur leis an tréimhse sin más féidir leat a thaispeáint go raibh " imthosca eisceachtúla " ann a chuir cosc ort ghearán a dhéanamh laistigh den tréimhse 6 mhí.

Má bhí tú an-tinn, mar shampla, agus dá bhféadfá a chruthú le fianaise tacaíochta, mar theastais dochtúra, gur chuir an tinneas cosc ort gearán a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Ionad Oibre laistigh den teorainn ama 6 mhí, sa chás sin d’fhéadfaí síneadh a chur leis an teorainn ama.

Ní bhaineann an teorainn ama 6 mhí le gearáin maidir le pá comhionann. Teorainn ama 6 bliana a bhíonn i gceist le gearáin den sórt sin.

Faisnéis eile

Is é an An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre a scrúdaíonn éilimh faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.

Féadfaidh tú an gearán a rochtain ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Is iondúil go ndéanann daoine gearán iad féin.  I gcás daoine óga nó daoine a bhfuil lagú intleachta nó deacracht meabhair-shláinte ag cur as dóibh, is féidir le tuismitheoir nó caomhnóir gearán a dhéanamh thar a gceann.

Má bhíonn gearán agat faoi idirdhealú ar bhonn inscne (atá ar cheann de na naoi bhforas) is féidir leat a roghnú go ndéanfar do ghearán a éisteacht sa Chúirt Chuarda in áit dul go díreach chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ní féidir le d'fhostóir bagairt ort, ná caitheamh go dona leat nó thú a bhriseadh as do phost toisc go ndearna tú gearán faoi idirdhealú san ionad oibre.  Íospairt a bheadh ann.  Bheadh sé in aghaidh an dlí de réir na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.