Cad a tharlóidh má éiríonn leat nó má theipeann ort sa Choimisiún um Chaidreamh san Ionad Oibre?
Má éiríonn le do ghearán faoi idirdhealú
Féadfaidh oifigeach breithniúcháin orduithe ceangailteacha de chineálacha éagsúla a dhéanamh:
Pá cothrom
Féadfaidh oifigeach breithniúcháin ordú a dhéanamh go bhfaighidh tú pá cothrom Féadfaidh tú riaráistí pá a fháil freisin agus cúiteamh de bharr an chaoi ar caitheadh leat go hidirdhealaitheach.
Cineálacha idirdhealaithe eile:
Más fostaí thú, féadfaidh oifigeach breithniúcháin ordú a dhéanamh go bhfaighidh tú pá cothrom feasta. Féadfaidh tú cúiteamh suas le pá dhá bhliana, nó €40,000 má bhíonn sé sin níos mó
Mura bhfuil tú i d’fhostaí (más cuardaitheoir poist thú, mar shampla), is é €13,000 an cúiteamh is mó ar féidir leat a fháil.
Má chaileann tú do jab:
Féadfaidh oifigeach breithniúcháin ordú a dhéanamh go dtabharfar do jab ar ais duit go hiomlán. D’fhéadfá cúiteamh a fháil freisin nó gan aon chúiteamh a fháil.
Oifigeach Breithniúcháin
Chomh maith leis na gníomhartha sin, is féidir le hoifigeach breithniúcháin a ordú go ndéanfaidh duine áirithe nó grúpa rud faoi leith lena chinntiú nach ndéanfar idirdhealú den chineál céanna arís.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé nó sí a ordú go bhfreastalódh an fostóir ar chlár feasachta cine, nó beartais comhionannais a fhorbairt agus a chur chun feidhme san áit oibre.
Mura gcuireann an fostóir ordú an oifigigh bhreithnithe nó téarmaí an chomhaontaithe idirghabhála i gcrích, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche chun an cinneadh sin a chur i bhfeidhm.
Má theipeann ar d’iarratas
Is féidir leat cinneadh a dhéanamh gan leanúint ar aghaidh níos faide le d'éileamh, nó mar mhalairt ar sin féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Oibreachais. Ní mór duit é sin a dhéanamh laistigh de 42 lá i ndiaidh chinneadh an oifigigh bhreithnithe.
Is féidir leat níos mó a fháil amach trí theagmháil a dhéanamh leis an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.