Cad a tharlaíonn nuair a dhéanann tú a gearán faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta
Cad a tharlaíonn nuair a dhéanann tú a gearán faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 – 2015?
Is é an An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre a scrúdaíonn éilimh faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta. Déanann siad é sin ar dhá bhealach:
- Idirghabháil
- Breithniú
Idirghabháil
Duine neodrach is ea an t-oifigeach idirghabhála a thabharfaidh an oiread céanna ama duitse agus do d’fhostóir chun bhur n-insint ar an scéal thabhairt. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh ag cruinniú nó ar bhealach eile.
Bíonn idirghabháil deonach. Ní féidir dul i mbun idirghabhála gan cead uaitse agus ó d’fhostóir araon. Má réitíonn tú féin agus d'fhostóir do ghearán ag an idirghabháil, beidh téarmaí an chomhaontaithe ceangailteach ó thaobh an dlí de.
Bíonn idirghabháil príobháideach agus faoi rún. Ní féidir aon rud a dúradh nó a taifeadadh le linn idirghabhála a úsáid in aon imeachtaí cúirte. Ní féidir leat bheith ag brath ar rudaí a dúradh nó a taifeadadh le linn idirghabhála ach amháin má sáraíodh an comhaontú a rinneadh le linn idirghabhála.
Breithniú
Bíonn éilimh ann nach n-oirfeadh idirghabháil dóibh nó gur theip ar iarrachtaí iad a réiteach trí idirghabháil. Sna cásanna sin, déanfaidh oifigeach breithniúcháin do ghearán a fhiosrú agus déanfaidh cinneadh faoi. Próiseas príobháideach is ea é. D'fhéadfadh sé bheith bunaithe ar dhoiciméid scríofa, nó ar éisteacht ó bhéal. Bíonn aon chinneadh a dhéanann oifigeach breithniúcháin ceangailteach ó thaobh an dlí de.
Éileamh a dhíbhe
Féadfaidh oifigeach breithniúcháin éileamh a dhíbhe má mheasann sé nó sí nach bhfuil sé bailí. Mar shampla, d'fhéadfadh siad a rialú nach mbaineann an t-idirdhealú le ceann de na naoi bhforas, nó go bhfuil an gearán déanta de mheon mímhacánta nó nach mbaineann sé le saincheist thromchúiseach. Is féidir leat níos mó a fháil amach faoina dtarlaíonn nuair a dhéanann tú éileamh agus faoi ghnéithe eile den phróiseas trí theagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.