An dtagann do chás faoin dlí maidir le leithcheal san áit oibre?
Ní chuimsítear sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015, (‘na hAchtanna’) gach cineál leithcheala nó éagsúlacht sa chaoi a gcaitear le daoine san áit oibre, mar shampla
- Ní chuimsítear ach cineálacha áirithe leithcheala
- Ní chuimsítear ach naoi bhforas nó naoi gcatagóir daoine
- Tá teorainneacha áirithe lena bhfuil le déanamh ag fostóirí. Áirítear leis sin ualach díréireach a bhaineann le bearta iomchuí le haghaidh daoine faoi mhíchumas
- Is ann do chineálacha áirithe leithcheala, ar a dtugtar idirdhealú dearfach freisin, agus níl siad in aghaidh an dlí.
Is ann do chásanna áirithe nach mbíonn feidhm ag na hAchtanna leo. Díolúintí a thugtar orthu sin. Tá cineálacha éagsúla díolúintí ann, mar shampla:
- Díolúintí ginearálta, a bhaineann le gach cineál fostaíochta
- Díolúintí sonracha nach mbaineann ach le cineálacha áirithe fostaíochta
- Díolúintí a bhaineann le haon cheann amháin nó níos mó de na naoi bhforas
Cliceáil ar na naisc lena fháil amach an mbaineann aon cheann de na díolúintí le do chás-sa féin.