Díolúintí ginearálta ón dlí maidir le leithcheal san áit oibre

Is ann do chásanna áirithe nach bhfuil cuimsithe faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015 (‘na hAchtanna’), ina ndéileáiltear le leithcheal san áit oibre.  Díolúintí a thugtar orthu sin. 

Áirítear leis na hAchtanna roinnt díolúintí ginearálta a bhaineann le gach cineál fostaíochta.  Mar shampla:

  • Inniúlacht: Ní chaithfidh fostóirí duine a fhostú ná a choinneáil nach bhfuil in ann an post a dhéanamh i gceart. Mar sin féin, dá mbeadh duine faoi mhíchumas in ann an post a dhéanamh dá ndéanfaí athruithe ar an áit oibre nó ar an bpost féin, ní mór don fhostóir na hathruithe sin a dhéanamh. Bearta iomchuí a thugtar ar na hathruithe sin sna hAchtanna.  Mar sin féin, tá teorainneacha lena bhfuil le déanamh ag fostóirí, agus sonraítear sna hAchtanna nach gá don fhostóir athruithe a dhéanamh má tá ar a c(h)umas a léiriú go mbeadh ualach díréireach ag baint le bearta iomchuí.
  • Cáilíochtaí: Is féidir le fostóirí cáilíochtaí oideachais, teicniúla agus gairmiúla atá riachtanach do phost a shonrú. Is féidir leo diúltú d’iarratasóirí nach bhfuil na cáilíochtaí sin acu.

Cuimsítear cineálacha eile díolúintí sna hAchtanna freisin:

Cliceáil ar na naisc lena fháil amach an mbaineann na díolúintí eile seo le do chás-sa féin.