Idirdhealú maidir le seirbhísí

Céard is idirdhealú maidir le seirbhísí ann?

Is iad na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018 (‘na hAchtanna’) an dlí a phléann le cúrsaí idirdhealaithe maidir le hearraí agus seirbhísí.

Tá sé d’aidhm ag na hAchtanna a chinntiú go gcaitear mar an gcéanna le daoine nuair a fhaigheann siad earraí agus seirbhísí.

Tarlaíonn idirdhealú i gcás earraí agus seirbhísí a sholáthar nuair nach gcaitear chomh maith leat agus a chaitear le duine eile, mar gheall ar cé thú féin.  Tá cineálacha difriúla idirdhealaithe ann.  Baineann siad ar fad le comparáid a dhéanamh leis an gcaoi a gcaitear le daoine eile.  Cosnaíonn na hAchtanna naoi gcatagóir daoine go ginearálta, agus deich ngrúpa daoine maidir le cóiríocht.  Ní hionann gach difríocht sa chaoi a gcaitear le daoine agus idirdhealú faoi na hAchtanna.

  • Is ionann earraíagus maoin shochorraithe ar bith.  Mar shampla, is rudaí iad earraí is féidir a dhíol nó a cheannach.
  • seirbhís in úsáid agat nuair a dhéanann duine nó eagraíocht rud éigin duit nó nuair a chuireann siad rud éigin ar fáil duit.

 Clúdaítear gach cineál seirbhíse sna hAchtanna.  Seo cúpla sampla de sheirbhísí laethúla:

  • seirbhísí poiblí, ar nós na seirbhíse sláinte nó na n‑údarás áitiúil
  • seirbhísí tráchtála, ar nós siopaí, spórtlann, banc nó pictiúrlann
  • seirbhísí iompair agus taistil
  • seirbhísí tithíochta, ar nós áit a fháil ar cíos ó thiarna talún nó ó údarás áitiúil, nó gníomhaire eastáit a úsáid
  • seirbhísí oideachais
  • seirbhísí a chuireann duine aonair ar fáil, ar nós pluiméirí nó comhairleoirí airgeadais.

Tá go leor cineálacha eile seirbhísí ar fáil.  Clúdaíonn na hAchtanna seirbhísí atá saor in aisce (mar shampla, clós súgartha poiblí nó seirbhísí leasa shóisialaigh), chomh maith le seirbhísí a gcaithfear íoc astu.

Is seirbhísí laistigh de mhíniú na nAchtanna iad tithe tábhairne, clubanna oíche agus áit ar bith a thugann alcól don phobal.  Ach, má tharlaíonn an t‑idirdhealú san áitreabh a thugann an t‑alcól nó ag an mbealach isteach ann, caithfear an gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche agus leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

 

An gceapann tú go ndearnadh idirdhealú ort?