Cineálacha difriúla idirdhealaithe maidir le seirbhísí

Is iad na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2015 (‘na hAchtanna’) an dlí a phléann le cúrsaí idirdhealaithe maidir le hearraí agus seirbhísí.  Tá sé d’aidhm ag na hAchtanna a chinntiú go gcaitear mar an gcéanna le daoine nuair a fhaigheann siad raon leathan earraí agus seirbhísí.

Míníonn na hAchtanna na cineálacha difriúla idirdhealaithe maidir le seirbhísí atá in aghaidh an dlí.

Cosnaíonn na hAchtanna naoi gcatagóir daoine go ginearálta, agus deich ngrúpa daoine maidir le cóiríocht.  Ní hionann gach difríocht sa chaoi a gcaitear le daoine agus idirdhealú faoi na hAchtanna.

Tarlaíonn idirdhealú díreach nuair nach gcaitear chomh maith le duine amháin agus a chaitear le duine eile, mar gheall ar cé hiad féin.

Tarlaíonn idirdhealú indíreach nuair a d’fhágfadh foráil a cheapfá atá neodrach duine faoi mhíbhuntáiste faoi leith ar cheann ar bith de na naoi bhforas idirdhealaithe, fad is nach bhfuil údar leis sin de bharr aidhm dhlisteanach agus go bhfuil sé cuí agus riachtanach.

Mar shampla Iarrann spórtlann ar sheoladh buan nuair a chuireann duine isteach ar iarratas. Níl an spórtlann ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh, ach mar gheall ar an riail sin d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra ag daoine den Lucht Siúil ballraíocht a fháil sa spórtlann ná daoine eile. Sa chás sin, bheadh ar an spórtlann a thaispeáint go bhfuil aidhm dhlisteanach leis an riachtanas sin, agus go bhfuil sé cuí agus riachtanach.  Mura bhfuil an spórtlann in ann sin a dhéanamh, bheadh an t‑iarratas idirdhealaithe.

Tarlaíonn idirdhealú trí bhainteach nuair nach gcaitear chomh maith le duine amháin agus a chaitear le duine eile, mar gheall ar cé air a bhfuil aithne acu nó cé leis a bhfuil siad nasctha.

Mar shampla Diúltaítear seirbhís do dhuine mar go bhfuil siad pósta le duine i reiligiún eile.

Tarlaíonn idirdhealú go barúlach nuair nach gcaitear chomh maith le duine amháin agus a chaitear le duine eile, mar go gceaptar go bhfuil ceann de na naoi bhforas ag baint leo.

Mar shampla Diúltaíonn siopa cead isteach do dhuine mar go gcreideann siad go bhfuil siad faoi mhíchumas.

Tá iompar naimhdeach gan iarraidh mar gheall ar cé thú féin (ciapadh) agus iompar gnéasach gan iarraidh (ciapadh gnéasach) in aghaidh an dlí faoi na hAchtanna freisin. Tá íospairt in aghaidh an dlí chomh maith; sin nuair nach gcaitheann soláthraí seirbhíse chomh maith céanna le duine, nó nuair a dhiúltaíonn siad seirbhís dóibh, mar go ndearna siad gearán a bhaineann leis an dlí comhionannais.

An gceapann tú gur tharla aon chineál idirdhealaithe mar seo duit, nó go bhfuil sé ag tarlú faoi láthair?